Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fáiltím roimh fhógra an Aire go mbeidh an polasaí ag dul amach mar theachtaireacht roimh dheireadh na seachtaine. Cén uair a fheicfimid an polasaí? Cathain a bheidh an polasaí don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht foilsithe? Tuigim go bhfuil níos mó daoine ag teacht chun cinn le riachtanais speisialta. Ní chreidim nach raibh siad ann roimhe seo. Is dócha go bhfuil siad in ann teacht chun cinn agus tacaíocht a fháil agus go bhfuil daoine ag teacht ó thar lear freisin. Ní féidir na fíricí sin a shéanadh ach, dar leis na saineolaithe - tá athrá i gceist ann - a tháinig os ár gcomhair, tá an t-ardú róshuntasach ó thaobh líon na ndíolúintí. Dar leo, maidir leis an gciorclán a cuireadh i gcrích, bhí an próiseas comhairliúcháin lochtach amach is amach. Ní bheidh an Roinn ag aontú leis sin ach is é seo an méid atá cloiste againn le cúpla seachtain anuas. Fáiltím roimh an monatóireacht agus roimh an dá bhliain roimh aon chinneadh. Níor chuala mé é sin go dtí seo agus beidh mé ag dul ar ais, le cabhair ón gCathaoirleach, maidir leis an dá bhliain atá i gceist sula ndéantar aon chinneadh maidir le díolúine a thabhairt. Is é an rud eile a tháinig chun cinn le linn na gcruinnithe, áfach, ná an méid daltaí a fhaigheann díolúine ó thaobh na Gaeilge de ach a bhfuil ag leanúint ar aghaidh leis an nGearmáinis, leis an bhFraincis agus le teangacha eile, gan fadhb ar bith. Tá teip i gceist ann ó thaobh an Ghaeilge ó bhéal a chur chun cinn, mar a rinne an Teachta Ó Cuív pointe air an tseachtain seo caite, seachas Gaeilge scríofa nó leite. Críochnóidh mé leis sin. Tá neart eile le rá agam ach tá a fhios agam go bhfuil daoine eile ag iarraidh teacht isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.