Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Nílimid ag caint go ginearálta. Glacaim leis go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Roinn. Tá mé ag díriú isteach ar chóras na ndíolúintí ach go háirithe agus an fás as cuimse atá tagtha air in ainneoin an méid tacaíochta atá ar fáil. Bheinn ag súil go mbeadh níos lú díolúintí i gceist de bharr go bhfuil an méid sin tacaíochta ann anois. Tá a fhios agam go bhfuil an t-am srianta.
No comments