Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Ní raibh mé ach ag lorg soiléirithe. Cuirim fáilte roimh an Aire agus an fhoireann uilig. Is iontach go bhfuilimid anseo gan maisc agus go bhfuilimid in ann a bheith ag cíoradh na rudaí seo mar tá siad thar a bheith tábhachtach. Tá óráid tosaigh an Aire léite agam. Ba mhaith liom a bheith dearfach, ar dtús báire, agus comhghairdeas a dhéanamh leis na finnéithe mar gheall ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, rud thar a bheith dearfach. Tá éacht déanta ag an Roinn agus tá sé sin ag leanúint ar aghaidh. Tá éacht déanta go teoiriciúil ar aon nós agus ba mhaith liom na torthaí a fheiceáil. Tá ceist shimplí agam maidir leis an bpolasaí eile atá á fhorbairt ag an Roinn maidir le hoideachas trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann soiléiriú a thabhairt dom maidir le stádas an pholasaí sin.

Bhí sraith cruinnithe againn maidir le córas na ndíolúintí agus saineolaithe éagsúla os ár gcomhair. Ina measc bhí an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, a chur in iúl go bhfuil fadhb ollmhór ann ó thaobh líon na ndíolúintí. Nuair a tháinig sé os ár gcomhair, chuir sé in iúl an fhigiúir a luaigh an tAire, sé sin, thart ar 10.5%, ach an rud is suntasaí a dúirt sé ná gur tháinig fás 60% ar an bhfigiúir sin idir 2016 agus 2021, agus fás 25% idir 2019 agus 2021. Luaigh an tAire go raibh exponential growth, fás as cuimse, sa tacaíocht atá ar fáil, ach ag an am céanna tá fás as cuimse i líon na ndíolúintí. Iarraim ar an Aire díriú isteach air sin mar tá rud amháin ag teacht salach ar an rud eile.

Tá mé ar an gcoiste seo ó 2016 agus an rud a léimeann amach gach uair ná gurb í an Ghaeilge an fhadhb, seachas deis nó bronntanas. Bíonn muid ag caint i gcónaí faoin nGaeilge sa chomhthéacs gur fadhb í, seachas rud iontach agus rud lena mbaineann dualgais faoin reachtaíocht os rud é gur teanga náisiúnta í. Chomh maith leis sin, is rud thar a bheith torthúil é a bheith dhátheangach. Sin comhthéacs mo cheiste. Cén fáth an bhfuilimid fós ag díriú isteach ar an nGaeilge mar fhadhb, seachas mar dheis iontach? Dúirt an tAire go bhfuil neart tacaíochtaí i gceist agus go bhfuil próiseas dhá bhliain ann. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach níor chuala mé aon sonraí ó na daoine a bhí os ár gcomhair maidir leis sin. An rud a bhí á rá ag na príomhoidí ná go raibh dualgas orthu, go raibh sé tromchúiseach agus thar a bheith deacair. Dúirt siad go raibh gasúir ag fáil díolúintí agus nach raibh siad ag glacadh páirt in aon rud, ina suí ansin agus ag rá go raibh díolúine acu ón nGaeilge agus nach raibh gá dóibh a bheith páirteach in aon rud. Tá mo dhóthain ráite agam ag an bpointe seo. Tiocfaidh mé ar ais. Ba mhaith liom freagra ón Aire maidir leis an bpolasaí don oideachas taobh amuigh den Ghaeltacht agus ó thaobh an méid atá cloiste againne sa tsraith cruinnithe ag teacht salach ar an méid atá cloiste againn ón Roinn inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.