Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Deirtear i gCiorclán 0054/2022, in alt 2.2.2(iii), "De ghnáth, ba cheart daltaí a bhaineann leas as díolúine faoin gcatagóir seo a spreagadh chun dul i ngleic le staidéar ar an nGaeilge ó bhéal chomh fada agus is féidir". An bhfuil figiúirí ag an Roinn maidir leis sin? B'fhéidir gur rud nua é seo i gcomparáid leis an gciorclán ó 2019. Cén chaoi a n-oibreoidh sé sin laistigh de rang? An bhfuil daltaí ag fáil díolúine ón staidéar nó ón teastas? Tá siad ag fáil díolúine ó staidéar na Gaeilge ach tá an Roinn ag rá gur cheart do chuid acu leanúint ar aghaidh agus Gaeilge a fhoghlaim chun go mbeadh siad in ann í a labhairt. Sin an prionsabal atá leagtha amach sa chiorclán, ach cén chaoi a n-oibreoidh sé sin laistigh den rang?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.