Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím leis an Aire go bhfuil gá le díolúintí do pháistí le riachtanais speisialta agus cásanna mar sin. Ó thaobh na bhfigiúirí a tugadh, tá 1.9% a fhaigheann díolúintí sa bhunscoil a ardaíonn go dtí 10% ag an dara leibhéil. Cén fáth a cheapann an tAire go bhfuil ardú idir an bhunscoil agus an mheánscoil? Is ardú suntasach é, agus cé go bhfuilimid ag caint ar méid sách beag, ag an am céanna tá ardú sort mór ansin idir 1.9% agus 10%.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.