Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Ms Eibhl?n N? Scannl?in:
Ar dtús mar atá ráite cheana, tá córas díolúintí ón nGaeilge againn anseo in Éirinn le fada an lá. Tá dlínsí eile ina bhfuil córas díolúintí acu a fheidhmíonn ar shlite difriúla chomh maith. I roinnt cásanna, faigheann na daltaí díolúintí ar bhonn riachtanais speisialta mar atá againn anseo. I gcásanna eile, bronntar iad toisc go bhfuil na leanaí nua chun na tíre agus nach bhfuil siad in acmhainn rochtain a bheith acu ar churaclaim na tíre sin - sa Spáinnis, mar shampla - chun dul i ngleic lena gcuid foghlama agus é a dhéanamh trí mheán sprioctheanga nó teanga theagaisc na scoile. Is cinnte go bhfuil córais dhifriúla ann ag braith ar conas mar a chuirtear an curaclaim ar fáil chomh maith. An gcuirtear é ar fáil go lárnach mar a dhéantar anseo in Éirinn nó an ndéantar é a tharmligean go dtí na comhairlí áitiúla nó a leithéid sin? Tá córais dhifriúla i bhfeidhm ag braith ar áit na teanga ar an gcuraclaim agus ag braith ar na roghanna eile a bhíonn ag na daltaí suas go dtí leibhéil na sraithe sóisearaí sna dlínsí eile sin. Bíonn conarthaí éagsúla acu go minic nuair a théann siad ar aghaidh ina gcuid oideachais go dtí go bhfágann siad an córas iar-bhunscolaíochta.
No comments