Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ceart go leor. Is cóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar na catagóirí éagsúla i measc leanaí le riachtanais speisialta. Tá leanaí ann nach bhfuil muinín acu nó nach féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, tá dream eile gur féidir, agus tá dream eile arís a mbeadh ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge dá mbeadh níos mó cúnaimh acu. Tá an trí catagóir ann agus is cóir dúinn bheith ag smaoineamh air sin. B’fhéidir go bhfuil níos mó gur féidir a dhéanamh ó thaobh tacaíochtaí a chur ar fáil. Luaigh an Aire na háiteanna eile ina bhfuil a leithéid de chóras ann. An bhféadfaí níos mó a rá linn faoi na tíortha eile ar a bhunaigh muid ár gcóras?
No comments