Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht teacht os ár gcomhair. Ní baill den choiste mé ach tá suim agam san ábhar seo.

Tá dhá chuspóir tábhachtach á bplé againn anseo; ar an gcéad dul síos, go mbeadh leanaí le riachtanais speisialta oideachais in ann páirt chomh iomlán is gur féidir leo a ghlacadh i saol na scoile agus go bhfuilimid ag tógáil córas oideachais atá tuisceanach ar a gcuid riachtanais agus ag tacú leo. Tá go leor dul chun cinn déanta sa 20 bliain atá caite ó thaobh an chuspóra seo. Baineann an cuspóir eile leis an nGaelainn sa chóras oideachais. Tá an córas oideachais beagáinín eisceachtúil ó thaobh na Gaeilge de, rud a bhaineann le cé chomh lárnach is atá sí i saol na tíre. Caithfimid a bheith aireach nach bhfuil ról na Gaeilge de shíor á laghdú i gceann de na hearnáil ina bhfuil sí láidir. Tá an dá chuspóir sin ann agus an aidhm atá ag an Aire agus ag an gcoiste ná an dá rud a mheá i dteanna a chéile agus an chothromaíocht is fearr a fháil.

Tá roinnt ceisteanna agam. Fillfidh mé ar an gceist a bhí ag an Teachta Ó Cuív ó thaobh na dtacaíochtaí atá ag leanaí atá tar éis teacht anseo ó gach chuid den domhain agus nach bhfuil an Béarla acu mar theanga sa bhaile. Tugadh freagra ar an gceist sin ó thaobh na dtacaíochtaí atá ann do riachtanais oideachasúla i gcoitinne. Tá go leor acu sin ann agus tá go leor áiteanna gur bhreá liom go mbeadh níos mó ann. Má thuig mé an cheist sin i gceart, áfach, an rud a bhí i gceist ná tacaíocht faoi leith do Ghaeilge cosúil leis na múinteoirí English as an additional language, chun é a chur i gcomparáid leis an mBéarla. Ar bhreathnaigh an Roinn riamh ar chóras tacaíochtaí do scoláirí le riachtanais oideachais speisialta a bhaineann leis an nGaeilge? Nílim ag caint anois faoin allocation ginearálta ó thaobh riachtanais speisialta; rud atá fíorthábhachtach agus riachtanach. Ó thaobh na Gaeilge de, an bhfuil sé ar intinn ag an Roinn aon rud den saghas atá ann don Bhéarla a thabhairt isteach nó an bhfuil aon smaoineamh déanta ar sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.