Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fuair an coiste an tAire díreach le haghaidh an chéad chruinniú freisin. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Tá cúpla ceist agam don Aire. Cuirim fáilte roimpi chomh maith. An bhfuil an figiúr ag an Roinn maidir leis an líon bunscoláirí a thiteann amach as oideachas Ghaelainne agus a théann ar aghaidh go dtí an mheánscoil? Is iad sin daltaí a thagann ó bhunscoil lán-Ghaeilge agus nuair a athraíonn siad go dtí an mheánscoil, titeann siad amach as an gcóras lán-Ghaelach. Chuirfinn fáilte roimh an bhfigiúr sin dá mbeadh sé ag an Roinn.

Céard é an líon scoláirí a thagann ó bhunscoil lán-Ghaelach nach ndéanann Gaeilge don teastas sóisearach ná don ardteistiméireacht? Is é an fáth go bhfuilim ag cur na ceiste sin ná go raibh mé ag múineadh na Gaeilge don teastas sóisearach cheana féin toisc go raibh ganntanas múinteoirí Gaeilge sa scoil. Chuir sé ionadh orm an méid scoláirí a tháinig ó bhunscoil áitiúil a bhí rite go hiomlán trí Ghaeilge agus a raibh díolúine acu roimh an teastas sóisearach. Daltaí ab ea iad a raibh Gaeilge líofa ó bhéal acu, ach b'fhéidir nach raibh siad ró-láidir ag an bpíosa scríofa don teastas sóisearach. Chuirfinn fáilte roimh an bhfigiúr sin dá mbeadh sé ag an Roinn.

Bhí an tAire ag caint mar gheall ar na hidirghabhálacha éagsúla atá déanta ar scoil. Bhí suim agam éisteacht leis sin nuair a bhí sí ag labhairt leis an Teachta Ó Cuív. Cad iad na hidirghabhálacha sin? Bhí siad deacair le feiceáil nuair a bhí mé ag múineadh ar an meánscoil.

Is í an cheist is tábhachtaí ná agam ceist mar gheall ar an gcuraclam. Bhí an Teachta Ó Cathasaigh ag rá níos luaithe go mb’fhéidir go raibh an Ghaeilge níos deacra ná ábhair eile. Is é sin an meon atá ag roinnt daoine. Is í an fhadhb ná an curaclam féin. Tá sé casta go leor do dhaltaí. Dúirt an tAire go raibh forbairt churaclaim sna teangacha fós ar siúl. An féidir léi update a thabhairt dúinn mar gheall ar an bhforbairt sin sa churaclam? Is é an gearán is mó a bhí ag na daltaí nuair a bhí mé ag múineadh sa mheánscoil ná go raibh an curaclam róchasta agus róbhunaithe ar an méid scríofa. Luadh níos luaithe gur cheart dúinn an rogha a thabhairt do dhaltaí rochtain a fháil ar an gcuraclam. Caithfidh sé a bheith áisiúil do dhaltaí. Is é an t-aon slí gur féidir linn é sin a dhéanamh ná an fhorbairt churaclaim sin a thabhairt chun críche.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.