Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht a cur i láthair. Táimid ag plé anseo le díolúintí do dhaoine le riachtanais speisialta oideachais agus tá réimse an-leathan riachtanais faoin teideal sin. Glacann gach éinne ar an gcoiste seo leis go bhfuil cásanna ann ina bhfuil sé go huile is go hiomlán oiriúnach díolúintí a thabhairt do dhaltaí. Cuireann sé isteach ar dhaoine nuair a bhíonn díolúine don Ghaeilge ag páiste nó mac léinn, ach leanann an duine sin ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh ar theangacha éagsúla eile cosúil leis an Spáinnis nó an Ghearmáinis. Bíonn imní ann i gcónaí gurb í an príomh-fhadhb anseo ná go bhfuil droch-mheas ag na daltaí - nó b’fhéidir ag na tuismitheoirí - ar luach na Gaeilge agus cé chomh húsáideach is atá sí, más céadfach dom an téarma sin a úsáid.

Luafaidh mé cás amháin. Tá cara liom a bhfuil disléicse air. Nuair atá sé ag léamh Béarla, Gaeilge nó teanga ar bith eile, léann sé tús agus deireadh na bhfocal agus is “best guess” atá ann maidir le pé rud atá ag tarlú sa lár. Dúirt sé liom gurb é an rud is deacra dó ó thaobh na Gaeilge de ná go n-athraíonn tús na bhfocal sin i gcónaí le hurú, séimhiú nó pé rud eile mar sin. Is féidir uimhir iolra d’ainmfhocail a lua mar shampla freisin. Athraíonn an focal agus ní bhíonn a fhios agat an gcríochnaíonn sé le “í” nó “aí”.

Ba mhaith liom ceist a chur agus b’fhéidir go bhfuil sé níos oiriúnaí do lucht NEPS nó an NCSE. B'fhéidir go gcuirfidh mé an cheist in athuair níos déanaí. Níor mhaith liom aon pholasaí a bhunú ar scéal dhuine amháin ach an bhfuil aon bhunús sa mhéid a luaigh mé? An bhfuil aon taighde ar fáil a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge níos deacra mar theanga? Ní dóigh liom go nglacaim le sin; tá rud éagsúil i ngach aon teanga atá deacair. An bhfuil aon taighde a léiríonn go bhfuil aon ghné faoi leith a bhaineann leis an nGaeilge a dhéanann níos deacra í do dhaoine le riachtanais speisialta oideachais? An bhfuil taighde ar bith ann a léiríonn go mbeadh sé níos fusa do dhuine éigin Spáinnis a fhoghlaim ná an Ghaelainn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.