Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht teacht isteach. Tá cúpla ceist agam ag éirí as an gcur i láthair a rinne sí. Is dóigh go dtuigeann chuile dhuine go mba cheart díolúintí a bheith ann do dhaoine le riachtanais speisialta, ach ní thugtar díolúine ón mBéarla do dhuine ar bith. Tá teangacha baile ag éirí i bhfad níos coitianta in Éirinn ná mar a bhí cheana. Má tá teanga bhaile ag gasúr, mar Liotuáinis, Polainnis, Gaeilge nó Fraincis, cén tacaíochtaí breise a thugtar dóibh sin? Fiú má tá riachtanais speisialta troma acu, caithfidh na gasúir sin an dara teanga a thabhairt leo, sé sin, an Béarla. Bheadh an-spéis agam fáil amach cén tacaíochtaí teanga bhreise atá á dtabhairt do na daoine sin leis an mBéarla a shealbhú, tharla nach é an teanga bhaile atá acu.

Deir daoine eile go bhfuair siad díolúine de bharr gur tháinig siad isteach sa tír agus iad os cionn aois áirid. Creidim go bhfuil a leithéidí siúd sa chóras agus thuigfeá go mbeadh siadsan ag déanamh teanga eile, ar nós na teanga baile, i gcás duine a tháinig anseo ón bPolainn nuair a bhí siad 13 bliana nó mar sin. Ag fágáil na daoine sin as, an bhfuil a fhios againn cé mhéad scoláire a fhaigheann díolúine ón nGaeilge sa mheánscoil ach a dhéanann staidéar ar theanga iasachta eile? Sin ceist mhór atá éirithe arís agus arís eile ag an gcoiste seo. Cén chaoi a dtarlaíonn sé go bhfuil siad in ann teanga a thosú sa chéad bhliain sa mheánscoil agus í a thabhairt leo ach níl siad in ann an Ghaeilge a thabhairt leo sa bhunscoil nó sa mheánscoil agus buntáiste de 14 bliain ag foghlaim acu? Tá súil agam go dtuigeann an tAire céard atá i gceist agam leis an 14 bliain, mar go ndéantar an Ghaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.