Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire. Tá an ceart aici go bhfuil fás an-mhór tagtha ar líon na ndíolúintí. De réir an chiorcláin a foilsíodh in 2019, tá sé deacair díolúine a fháil. Tá ar pháistí fadhbanna le litearthacht agus mar sin agus riachtanais iomadúil agus seasmhach a bheith acu. Bhí AsIAm os comhair an choiste le déanaí. Tuigimid go léir na fadhbanna atá ag na leanaí sin. Tá sé soiléir go bhfuil cuid de na tuismitheoirí ag iarraidh díolúintí a fháil agus níl sé ceadaithe de réir an chiorcláin sin. Tá sé soiléir chomh maith go gceapann tuismitheoirí go bhfuil an Ghaeilge níos deacra ná aon teanga eile. Déanann an chuid is mó de na daltaí atá díolúine acu staidéar ar Fhraincis nó ar Ghearmáinis san ardteistiméireacht. Bhíos ag caint le múinteoirí ó mheánscoil i gCill Orglan an tseachtain seo caite agus dúirt duine acu go bhfuil pointí níos airde ar fáil don Ghaelainn ná mar atá do Bhéarla, Fraincis nó Gearmáinis ach is dóigh liom nach dtuigeann a lán daoine é sin. Is muidne in Éirinn an t-aon chóras oideachais a thugann díolúintí den sórt seo. Níl an córas sin ann sa Bhreatain Bheag in aon chor. Tá ceist ghairid agam don Aire. Cén céatadán de dhaltaí le riachtanais speisialta atá ann? Feicimid go bhfuil díolúine ag tuairim is 11% de dhaltaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.