Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 25 October 2022
Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media
Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Committee Stage
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tuigim é sin. Tá mé ag iarraidh déanamh cinnte de go bhfuil na forálacha sin in Acht na dTeangacha Oifigiúla achtaithe go hiomlán. Bhíomar ag caint faoi na forálacha eile níos luaithe nach bhfuil i bhfeidhm go fóill. Glacaim leis go bhfuil an tAire ag rá go bhfuil feidhm leo agus go mbeidh coimisiún na meán nó aon cheann eile ag foilsiú doiciméid go dátheangach as seo amach. Is iad na doiciméid atá i gceist agam anseo ná an tuairisc bhliantúil agus an ráiteas straitéiseach.
No comments