Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 October 2022

Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Committee Stage

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 34:

In page 36, line 37, after “statement” to insert “, in both official languages,”.

This amendment will ensure not only will the report of the commission laid before the Houses but also there will be a specific duty to ensure it reaches the joint committee. In the past, various commission reports were laid before the Houses and committees were sometimes too busy or were unaware of them. In recent years in particular, we have seen that committees have taken a greater oversight role and this would be one of those. The amendment would ensure the report in both official languages would be laid before the committee with responsibility for the media

Tá sé i gceist go mbeadh an ról áirithe ag na coistí chun déanamh cinnte de níos mó ná sracfhéachaint a thabhairt ar an méid atá le rá ag an gcoimisiún nuair a dhéanann sé ráiteas bliantúil nó a leithéid. Is é an fáth go bhfuil mé ag déanamh cinnte de go mbeidh na tuairiscí bliantúla acu as Gaeilge agus as Béarla ná gur minic a tharlaíonn sé go n-eisítear an tuairisc bhliantúil i mBéarla amháin agus go dtagann an ceann Gaeilge ina dhiaidh sin. Uaireanta, tagann sí i bhfad oiread ródhéanach le go mbeadh aon fhiúntas ceart le baint aisti.

Ní hamháin go mbeadh an coimisiún ag comhlíonadh a dhualgais reachtúil dlíthiúil trí na tuairiscí a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, bheadh sé ag cuidiú leo siúd a bheadh ag iarraidh díospóireacht a bheith acu sna coistí trí Ghaeilge. Is minic nach mbíonn Baill de cheachtar an dá Thí sásta tabhairt faoi nithe atá casta toisc nach bhfuil an fhoclóireacht acu ná an doiciméad ar fáil os a gcomhair as Gaeilge. Is cuidiú é seo. Chomh maith leis sin, is dualgas reachtúil é ó thaobh na Gaeilge de, ar an gcoimisiún atá á bhunadh, go dtuigfeadh sé i dtús báire nach amháin go mbeidh na tuairiscí as Gaeilge ach go mbeadh sé ag teacht os comhair an choiste. Is i leasú Uimh. 35 ach go háirithe a ndéantar cinnte de nach amháin go leagtar os comhair Thithe an Oireachtais an tuairisc bhliantúil ach go mbeadh sé ag teacht os comhair coiste agus go mbeadh dualgas ar an gcoiste déileáil leis. Tá dualgas ar leith ag an gcoiste a bhfuil mise mar Chathaoirleach air maidir le TG4 agus an Coimisinéir Teanga. Ba chóir go mbeadh dualgas agus freagracht air agus go dtuigfeadh an coimisiún agus an cathaoirleach go mbeadh orthu teacht os comhair an choiste, ar a laghad uair sa bhliain, chun déileáil leis an tuairisc bhliantúil acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.