Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 October 2022

Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Committee Stage

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim an méid a dúirt an tAire ó thaobh leasú Uimh. 28 agus tá mé sásta é sin a tharraingt siar.

Ó thaobh na dhá leasuithe eile, má táimid ag glacadh leis an loighic atá taobh thiar den straitéis atá leagtha síos againn ó thaobh an Stáit de agus ó thaobh Achta na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 de, ba chóir go mbeadh muid ag dul chun cinn agus ag déanamh cinnte de go mbeadh ní hamháin desirable attribute ag na heagrais Stáit ar fad ó thús ó thaobh na Gaeilge de ach, toisc go bhfuil gá docht daingean ann, go mbeadh Gaeilge ag an gcathaoirleach ach go háirithe. B'fhéidir nach dtuigeann a lán daoine cé chomh tábhachtach is atá sé ó thaobh na Gaeilge de go bhfuil sí le feiceáil agus le cloisteáil ag gach uile ócáid agus go bhfuil Gaeilge den scoth ag na daoine atá ag labhairt thar cheann an Stáit nó, sa chás seo, thar cheann na meán ar fad, go bhfuil tuiscint acu agus go bhfuil siad in ann na polasaithe agus a leithéid a chur chun cinn. Má tá siad ag labhairt ag cruinniú inmheánach, ar na meáin féin nó ar ócáid, ba cheart go mbeadh siad in ann casadh ar an nGaeilge chun é sin a chur trasna agus chun aitheantas agus íomhá a thabhairt gur tír dhátheangach muid agus go bhfuilimid breá sásta go bhfuil an Ghaeilge chomh feiceálach sin.

An tseachtain seo caite rinne mé agallamh le beirt dalta meánscoile, agus ceann de na ceisteanna a chuir siad agus iad ag caint faoin nGaeilge ná conas gur féidir fáil réidh leis an stigma atá ann maidir leis an Gaeilge ó thaobh post de. Má cheapann déagóirí go bhfuil stigma ann ó thaobh Gaeilge a fhoghlaim agus nach bhfuil aon ghá ann do phoist, an t-aon bhealach leis sin a bhriseadh ná déanamh cinnte de go bhfuil ualach nó dualgais bhreise orthu siúd atá mór le rá ó thaobh an Stáit de a bheith líofa sa Ghaeilge. Tá mé fós chun leasuithe Uimh. 25 agus 27 a bhrú. Ó thaobh an chathaoirligh de, ní hualach mór é. Glacaimid leis go bhfuil an Béarla i gceist, mar sin nílimid ag caint faoi daoine gan scileanna ar leith. Ní bheadh aon duine ag caint faoi duine le Gaeilge amháin agus le Fraincis. Ba chóir go mbeadh muid ag féachaint air seo ó thaobh an chathaoirligh agus, ar a laghad, duine amháin eile sa choimisiún le Gaeilge. Chuideodh sé sin. Tá suas le sé coimisinéirí san iomlán i gceist, mar sin bheifí ag teacht an-ghar go 30% dá mbeifí ag déanamh cinnte de go mbeadh an bheirt acu sin líofa sa Ghaeilge. A lán díobh atá sna meáin, tá Gaeilge den scoth acu agus ba chóir go mbeadh muid ag déanamh cinnte de go bhfuilimid ag tabhairt deise breise dóibh an Ghaeilge sin a chur chun cinn. Cé nach bhfuilimid tar éis glacadh leis na leasuithe uaim agus ó na Teachtaí Munster agus Mythen ó thaobh na Gaeilge de, tá loighic ann go mbeadh an Ghaeilge ag coimisinéir agus ag an gcathaoirleach agus go mbeadh an fhreagracht bhreise sin ag an gcoimisiún chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Sin an loighic leis na leasuithe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.