Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 October 2022

Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Committee Stage

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Yes. I just want to respond to what the Minister had to say. Tuigim an áit as a bhfuil an tAire ag teacht. Déanfaimid déileáil leis an leasú deireanach ar dtús; is é sin an ceann maidir leis an Teideal Fada. Tá an ceart aici nach mbíonn gach uile fhoráil luaite sa Teideal Fada, ach sa chás seo, dá mbeadh muid ag glacadh leis na leasuithe a táimid tar éis a chur chun cinn, tá loighic ann go mbeadh aitheantas á thabhairt don ról breise a bheadh ag na meáin agus don dualgas breise a bheadh bronnta orthu toisc na leasuithe a táimid ag déileáil leo anseo gur ghá go mbeadh sé luaite sa Teideal Fada.

Nuair a chastar ar leasú Uimh. 1, an rud atá i gceist sna leasuithe seo ar fad ná déanamh cinnte go bhfuil aitheantas ann go bhfuil stádas ar leith ag an nGaeilge, nach gnáth-stádas é agus nach bhfuil an Ghaeilge ar chomhchéim le gach uile teanga eile sa tír seo. Sin an príomh-dhifríocht. Tá aitheantas tugtha ag an Aire ansin agus luaigh sí na forálacha atá ann faoi láthair. Bhí díospóireacht ann faoi fáil réidh leis an bhforáil atá ann a thugann stádas chomhchéim do na teangacha difriúla, ach ní sin atá i gceist againne. Faoi láthair, déantar déileáil le teangacha agus le traidisiúin an phobail agus tá cinn difriúla sa tír. An cheann atá ról againne mar pholaiteoirí agus mar Rialtas leis ná an Bunreacht a chosaint agus an áit ar leith atá ag an teanga náisiúnta a chosaint dá réir. Sin an fáth gur chóir go mbeadh an fhoráil atá i gceist againne ann, ach go háirithe an fhoráil in Uimh. 17, go bhfuil stádas agus seasamh ar leith ann maidir leis an nGaeilge, agus dá réir, gur ghá í a chur chun cinn. Amach anseo b’fhéidir nach mbeidh gá í a chur chun cinn toisc go sroichfidh sí am nó áit nach mbeidh gá leis an gcosaint bhreise. Tá na straitéisí ar fad, ní hamháin ag an Rialtas seo ach ag Rialtais roimhe seo, leagtha síos agus tá siad ag iarraidh an stádas sin a shroicheadh, áit a bheidh an Ghaeilge, agus an Ghaeltacht dá réir, agus na traidisiúin atá bainteach leis an nGaeilge cosanta, caomhnaithe agus curtha chun cinn. Ní léim mhór atá i gceist má ghlacfaimid leis na leasuithe seo. Is trua liom go bhfuil an cuma ar an scéal nach bhfuil an tAire ag smaoineamh ar ghlacadh leis na leasuithe.

Tarraingeoidh mé siar leasú Uimh. 15 agus tá mé chun leanúint le hUimh. 16 sa ghrúpa seo. Ansin tá Uimh. 18 go 21, 33 agus na cinn eile a táimid ag déileáil leo sa ghrúpa seo. Ní ghlacaim leis gur ag cur as go mór do na commercial media a bheadh aon fhorálacha a táimid ag déileáil leo anseo. Nuair a chuirtear forálacha nó ualach breise ar chomhlachtaí i mBéarla, i bhFraincis nó i bpé dteanga, glacann siad leis mar chuid den ghnó atá acu, ní chun teacht timpeall air ach chun a ghnó a chleachtadh sa tír seo. Therefore, if we put any provisions and additions on top of the duties and responsibilities of commercial media they get on with it. They understand that is a duty to allow them to continue to broadcast and operate in the State. It should not be seen as a duty but in some ways as just one of those issues they must comply with. In this case it is a positive duty they would have to ensure the promotion of the Irish language and our traditions. If we were to leave this on the exact same footing as all other languages in the country there is a danger the Irish language and its traditions will remain as an afterthought for many of the media. I welcome the changes that have happened in recent years. I am not blind to them. I welcome the huge investment in TG4 and the fact we will have a children's TG4 soon enough. There is a lot more to do about the damage done as a result of the Irish language being ignored by our national media for so many years.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.