Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 25 October 2022
Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media
Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Committee Stage
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Glacaim leis sin. Níl mé chun moill a chur ar an bpróiseas inniu. An fhadhb is mó ná gur ardaíodh an cheist seo sa Seanad chomh maith agus nílimid tar éis aon dul chun cinn a dhéanamh. Ní díreach an Bille seo; tá mé tar éis é seo a ardú le Billí eile chomh maith agus an leithscéal a tugadh go dtí seo ná nach bhfuil an chuid sin d'Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go fóill. Níl a fhios ag aon duine cén uair a bheidh sé i bhfeidhm nó cad é an mhoill. Tá mé sásta, más gá, na leasuithe seo a tharraingt siar ach beidh mé á gcur isteach arís ar Chéim na Tuarascála. Tabharfaidh sé sin deis don Aire an t-eolas a fháil faoin Acht, ach chomh maith leis sin fáil amach cén fáth nach féidir glacadh leis an leasú sa chás seo, ach go háirithe toisc go bhfuilimid tar éis glacadh leis gur coimisiún na meán teideal an eagrais. Is ait ansin go bhfuilimid ag glaoch "the commission" air reachtaíocht, rud atá ag dul i gcoinne an teidil oifigiúil. I am happy to withdraw the amendments for now.
No comments