Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl an briseadh síos sin againn ach chonaic an Teachta liosta na n-eagras a bhí le bheith linn anseo inniu agus b’fhéidir go raibh an t-eolas sin ag roinnt acu. Déanfaimid é a fhiosrú roimh an chéad cruinniú eile ionas go mbeidh an t-eolas atá againn foirfe.

Tá deireadh anois leis na ceisteanna. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Paul Byrne agus le Paul Crone as ucht bheith linn inniu agus cuidiú linn sa phlé seo. Má ritheann aon eolas breise leo nó má tá daoine ag iarraidh nóta faisnéise ar bith eile ar an ábhar seo a chur ar aghaidh chugainn, bheadh fáilte roimh a leithéid. Cuireann sé sin deireadh lenár bplé ar an gceist seo inniu agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe arís as ucht bheith anseo agus cuidiú linn.

Ag an gcéad cruinniú eile den choiste seo, pléfear an cheist chéanna - córas na ndíolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht - leis an Aire Oideachais, an Teachta Foley. Tá an cuma air go mbeidh oifigigh léi chomh maith. Tá súil agam go mbeidh ionadaithe ó roinnt de na heagrais a dhiúltaigh teacht os ár gcomhair inniu - dúirt an Roinn Oideachais leo gan teacht os ár gcomhair - i láthair chomh maith céanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.