Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I will dig out na fíricí maidir leis an líon daltaí a bhfuil díolúintí acu ón Ghaeilge agus atá ag déanamh staidéir ar theanga eile. Ní líon beag é in aon chor. Measaim go bhfuil sé thar 60% de dhaltaí a bhfuil díolúintí acu agus is minic go mbíonn onóracha á ndéanamh acu. B'fhéidir go bhfuil fáthanna leis sin ach is léir nach bhfuil fadhb bhunúsach acu siúd. Is é sin an fáth gur iarraidh orainn agus gur ghlacamar an cinneadh díriú isteach ar na bunfhadhbanna a bhaineann le córas na ndíolúintí agus ar an bhfáth go bhfuil ardú chomh suntasach sin tar éis teacht ar líon na ndaltaí atá ag staidéar don ardteistiméireacht. Is beagnach 22% é líon na ndaltaí a bhfuil díolúintí acu. Anuas air sin, measaim go bhfuil daoine ann nach nglacann páirt san ardteistiméireacht ó thaobh na Gaeilge de. Ní cuimhin liom cé hé a dúirt go raibh scoileanna ann a dhiúltaíonn do dhíolúintí a thabhairt. An bhfuil sé coitianta go bhfuil scoileanna ann nach bhfuil sásta éisteacht a thabhairt le hiarratais ar dhíolúintí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.