Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
I asked about líon na ndaoine a n-éiríonn leo teanga iasachta a dhéanamh le hais na teanga dúchasaí Gaeilge agus a dhéanann Spáinnis, Fraincis, Sínis nó teanga éigin eile ach a deir nach féidir leo an Ghaeilge a thabhairt leo. Ní teanga chomh deacair sin í an Ghaeilge. Fuair mise an Fhraincis i bhfad níos deacra ar scoil ná mar a fuair mé an Ghaeilge agus bhí orainn an Laidin a dhéanamh an t-am sin. B'fhearr liomsa an Ghaeilge ná teanga eile. Tháinig sí chugam i bhfad níos éasca ach is é sin mise. An gcuireann sé iontas ar Mr. Byrne go bhfuil go leor gasúr ann atá in ann teanga iasachta a dhéanamh agus nach bhfuil in ann an Ghaeilge a fhoghlaim?
No comments