Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
D’fhéadfadh an próiseas céanna a bheith déanta go neamhspleách seachas an t-ualach a bheith ar an bpríomhoide. Níor mhaith liomsa a bheith i mo phríomhoide ar scoil agus duine a bheith ag iarraidh rud mar sin orm agus tuismitheoirí do mo chrá agus go gcaithfinn cinneadh a dhéanamh agus b'fhéidir drochbhail a chothú. B'fhearr liomsa i bhfad go mbeadh sé déanta ag duine neamhspleách. Tá mé fírinneach faoi. Tá a fhios againn ó bheith ag déanamh obair dháilcheantair go mbeadh sé deacair daoine a dhiúltú dá mba rud é go raibh sé fúinn gach uile chinneadh a dhéanamh. Dá mba rud é go raibh an próiseas atá ann ach an duine an ndéanfadh an cinneadh neamhspleách ón scoil, an mbeadh sé níos fearr?
No comments