Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

D’éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá ag Paul Byrne; bhí sé spéisiúil. Ar an gcéad dul síos, an bhfuil sé cuí agus cóir go leagfaí an dualgas seo ar na príomhoidí? De réir mar a thuigim, ní féidir an dualgas a tharmligean d’éinne eile sa scoil. Ar an dara dul síos, cé mhéad scoláire a fhaigheann díolúine ón nGaeilge a roghnaíonn staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta, nó teanga eile taobh amuigh den Bhéarla, don ardteistiméireacht?

Ar an tríú dul síos, meas Mr. Byrne an bhfuil tionchar ag éileamh na ndíolúintí ag rás na bpointí, is é sin, go bhfuil daoine ag déanamh amach go ndéanfaidís níos fearr san ardteistiméireacht mura mbeadh an Ghaeilge mar ábhar acu? Ní hé nach bhféadfaidís an Ghaeilge a fhoghlaim ach dhéanfaidís níos fearr san ardteistiméireacht ó thaobh an rása seo do na pointí le fáil isteach sna hinstitiúidí tríú leibhéal, is é sin, go bhfuil pointí níos éasca le fáil in ábhar eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.