Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
An t-eolas atá agam ná gur sa chéad bhliain a fhaigheann na páistí sna meánscoileanna na díolúintí. Is ansin a fhaigheann siad na díolúintí den chuid is mó. Ansin níl an t-am ann chun cinntí eile a dhéanamh chun cuidiú leo nó chun féachaint an bhfuil aon athrú. Dá mbeadh siad ag fáil na díolúintí sa tríú bliain nó sa cheathrú bliain, bheadh sé soiléir don scoil go raibh fadhb bunúsach acu. Má tá siad á fáil sa chéad bhliain, bheadh mise buartha go raibh siad á fáil go ró-éasca.
No comments