Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Baineann mo cheist le an-chuid den cheist a bhí ag an gCathaoirleach féin chomh maith. Luadh sa chur i láthair go mbíonn an-chuid anonn is anall nuair a bhíonn an t-iarratas á phlé agus is soiléir go mbíonn roinnt mhaith ama caite leis. An mbíonn an t-am agus an iarracht bainteach leis an bplé, nó le bailiú an eolais agus an plé ar an iarratas féin, nó an mbíonn roinnt mhaith ama caite ina dhiaidh sin nuair nach mbíonn an príomhoide sásta díolúine a cheadú agus maidir leis an idirghabháil a bhíonn ar siúl ansin, agus, b'fhéidir, leis an mbrú a bhíonn ag teacht ó na tuismitheoirí ag lorg an díolúine agus an negotiation ansin? An mbíonn mórán ama caite leis sin?

An mbíonn puinn díobh diúltaithe nó an bhfuil aon eolas á bhailiú mar gheall air sin? An mbíonn toradh 100% ann go gceadófaí díolúine tar éis tréimhse ama éigin? An gcoimeádann na príomhoidí aon eolas ar an líon a bhíonn ceadaithe nó diúltaithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.