Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Má thagaim isteach mar thuismitheoir, agus má iarraim ar an bpríomhoide díolúine a thabhairt do mo mhac nó do m’iníon, cé mhéad ama a thógann sé ón am a líontar an fhoirm don phróiseas féin ó thús báire go deireadh? An gá leis an bpríomhoide agallamh a chur ar an bpáiste, bualadh le múinteoirí, agus bualadh lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí? Mar a dúirt an cumann ina chur i láthair: “This requires a significant investment [from the principals] of time ... to process the application and any subsequent appeal that is made.” Cé mhéad ama atá i gceist i ngach ceann de na hiarratais sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.