Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é an t-aon leithscéal atá faighte agam ná ceann ón Teachta Connolly. Dúirt sí go mbuailfeadh sí isteach dá mbeadh seans in aon chor aici. Tá sí níos gnóthaí anois toisc an Ceann Comhairle a bheith as láthair faoi láthair. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile a thagann isteach, roimh na finnéithe atá chun labhairt os ár gcomhair agus roimh ár lucht féachana ar theilifís an Oireachtais. Fáiltím roimh na hionadaithe ó Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha, is iad sin, Paul Crone, stiúrthóir agus Paul Byrne, leas-stiúrthóir. Gabhaim buíochas libh beirt as bheith anseo inniu agus an t-ábhar tábhachtach seo á phlé againn, is é sin, córas na ndíolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht.

Bhí sé ar intinn againn plé níos iomláine a bheith againn ar an ábhar seo inniu agus, chuige sin, sheolamar cuireadh chuig an gCumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, agus an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, NEPS, de chuid na Roinne Oideachais ar an 23 Meán Fómhair. Tar éis a bheith anonn agus anall idir an cléireach agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, chuir an chomhairle in iúl don chléireach nach raibh sí in ann freastal ar an gcruinniú inniu toisc nach raibh sí ullamh ach rinne sí a athdhearbhú go mbeadh sí sásta freastal ar chruinniú na seachtaine seo chugainn nó aon am a n-ainmneodh an coiste amach anseo.

Ar an 3 Deireadh Fómhair 2022, sheol an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta freagra ar ais chugainn inar thug sí cur síos ar an obair atá á déanamh aici. Cé nach ndúradh go díreach sa chomhfhreagras sin nach mbeadh an chomhairle toilteanach teacht os comhair an chomhchoiste agus an t-ábhar seo á phlé, tugadh leid gur amhlaidh a bhí ann. Guíodh sa chomhfhreagras sin gach rath ar obair an chomhchoiste sa ghnó seo agus ar na heagraíochtaí eile a bheith i láthair.

Mar thoradh ar an mhíshoiléireacht sin, dhírigh mé ar an gcléireach glaoch ar an gcomhairle agus soiléiriú a fháil uaithi cé acu an mbeadh sí anseo nó nach mbeadh. Cuireadh in iúl don chomhchoiste go raibh an Roinn Oideachais tar éis iarraidh ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta gan teacht os comhair an chomhchoiste. Ní raibh an chomhairle toilteanach teacht os ár gcomhair inniu dá bharr.

Seoladh cuireadh teacht os ár gcomhair chuig an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais de chuid na Roinne Oideachais. Ní bhfuarthas freagra uaithi go dtí tráthnóna inné, tar éis 4 p.m., níos lú ná 24 uair an chloig roimh an gcruinniú seo, nuair a sheol rúnaí príobháideach an Aire Oideachais comhfhreagras chuig an gcléireach ina dúradh nach mbeadh an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais de chuid na Roinne Oideachais ag teacht os comhair an chruinnithe inniu. Dúradh sa chomhfhreagras sin gur rannóg den Roinn Oideachais í NEPS agus dá bharr sin go mbeidh NEPS mar chuid den toscaireacht ag an Aire nuair a bheidh sí ag freastal ar chruinniú an chomhchoiste na seachtaine seo chugainn. Tá súil ag an Roinn go bhfuil sé sin in ord. Is é sin atá ráite sa nóta uaithi.

Níl mé sásta leis sin. Níl sé in ord go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais tar éis iarracht a dhéanamh bac a chur ar bhreathnú an chomhchoiste seo ar an ábhar tábhachtach seo. Cén fáth gur iarr an Roinn Oideachais ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus ar an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais gan bheith os ár gcomhair? Mar atá a fhios ag gach duine, tá sé deacair go leor ár n-obair a dhéanamh agus is obair thábhachtach atá le déanamh againn. Tá sé deacair go leor, nuair atá oifigigh os ár gcomhair, teacht ar an eolas uathu, ach nuair atá siad os ár gcomhair i dteannta, bíonn sé i bhfad oiread níos deacra. Bíonn bealaí difriúla ag státseirbhísigh shinsearacha le déileáil linn a bhíonn in ainm faisnéis theicniúil nó shonrach a thabhairt. Bíonn sé sin go minic níos deacra.

Is é an fáth a ndearnamar an cinneadh na cuirí a chur amach san ord inar chuireamar amach iad ionas go mbeadh an tAire ag teacht os ár gcomhair agus go mbeadh sise ag freagairt cheisteanna straitéise nó beartais an Rialtais agus ceisteanna straitéise na Roinne ach go háirithe, seachas na ceisteanna teicniúla nó sonracha a rabhamar ag iarraidh tabhairt fúthu roimh theacht an Aire.

Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara sin a dtuairimí ar na rialacha sin a leagan faoi bhráid an chomhchoiste. Ní mó ná sásta atáim agus bhí mé le ceangal níos luaithe. Níl sé faoin Roinn sceideal chruinnithe an choiste a eagrú ná cé a thagann os ár gcomhair a roghnú. Níl mé sásta leis an tslí a ndearna an Roinn Oideachais iarracht beagnach stad iomlán a chur leis an gcruinniú inniu. Cén fáth nár labhair sí linn nó leis an gcléireach ar dtús báire? Táimid i gcónaí oscailte ar athrú a dhéanamh ar an sceideal atá againn nó iarracht a dhéanamh athruithe a dhéanamh a réiteodh leo siúd a bhfuil cuireadh tugtha dóibh. Níl sé maith go leor go bhfuaireamar diúltú gairid i roinnt de na cásanna seo.

Ba chóir dúinn scríobh chuig an Aire Oideachais agus chuig an Ard-Rúnaí le léiriú cé chomh míshásta agus atáimid faoi na cinntí sin. B'fhéidir gur chóir don chomhchoiste cruinniú gairid príobháideach a bheith againn níos déanaí inniu nó amárach chun féachaint go díreach conas mar a chaithfimid leis an gcruinniú an tseachtain seo chugainn chun déanamh cinnte de nach bhfuilimid ag déanamh neamhairde de na cinntí a ghlacamar roimhe seo.

Sin deireadh mo ghearán ag tús an chruinnithe. An aontaítear leis an gcinneadh gur cheart dúinn scríobh chuig an Aire agus chuig an Ard-Rúnaí? Aontaítear. Déanfar sin níos déanaí inniu, agus tiocfaidh mé ar ais chuig na baill faoi chruinniú príobháideach gairid chun déileáil leis seo.

Leis sin ar fad ráite, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo siúd atá os ár gcomhair, an bheirt Paul, chun plé a dhéanamh ar an ábhar ríthábhachtach seo - córas na ndíolúintí i leith staidéir na Gaeilge sa mheánscolaíocht. Táimid buíoch de Paul Crone agus Paul Byrne atá anseo thar ceann Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil an bheirt acu ag freastal ar an gcruinniú ó phurláin lasmuigh de Thithe an Oireachtais. Dá réir sin, caithfidh mé na rialacha seo a leanas a chur in iúl ní amháin do na finnéithe ach do na comhlachtaí chomh maith.

Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, mar atá déanta ag roinnt de na comhaltaí faoi láthair. Is óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin de bharr riachtanais bhunreachtúla. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus an fhianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as an bhfianaise sin, ba chóir dóibh déanamh amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin má thugtar é.

Anois, déanfaimid breathnú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim ar an stiúrthóir, Paul Crone, tús a chur lena chur i láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.