Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Agus an méid sin a bheith ráite, cuirfidh mé críoch leis an gcruinniú. Gabhaim buíochas arís leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir ó Shealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus le Gráinne O’Rourke agus Donald Ewing ó Chumann Disléicse na hÉireann. Tá an cruinniú seo ar athló anois go dtí an chéad chruinniú eile a bheidh ar siúl ar 1.30 p.m. an tseachtain seo chugainn, 19 Deireadh Fómhair 2022, nuair a phléifear an t-ábhar seo arís, is é sin córas na ndíolúintí maidir le staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht, le hionadaithe thar ceann na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, leis na seirbhísí síceolaíochta oideachais sa Roinn Oideachais, agus leis an gCumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha. Go raibh míle maith ag gach duine a ghlac páirt sa chruinniú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.