Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Mar fhocal scoir, táimid tar éis plé domhain a dhéanamh ar riachtanais foghlaimeoirí a bhfuil disléicse agus riachtanais eile orthu. Is é an rud is tábhachtaí ná go ndéanfaí freastal orthu. Is léir go gcuireann cleachtais áirithe sa chóras, agus sna scrúdaithe go háirithe, strus ar dhaoine. Ní maith an rud é sin, agus mar a luaigh an Cathaoirleach, thángamar ar réitigh dhifriúla nuair a bhí an phaindéim ann agus ba cheart dúinn foghlaim uaidh sin agus féachaint conas is féidir linn an staid a fheabhsú trí thuilleadh obair thionscadal agus obair leanúnach ionas nach mbeadh an méid céanna ag brath ar an lá amháin seo i mí an Mheithimh agus daoine ag tabhairt faoin ardteistiméireacht.
Chun filleadh ar phríomhcheist an lae maidir leis an díolúine ón nGaeilge, ní dóigh liom gur réiteach é an díolúine seo ar an gcuid is mó de na fadhbanna sin atá aitheanta. I ndáiríre, is dóigh liom go dtugann sé leithscéal don chóras gan déileáil i gceart leo, agus is é sin atá ann. Mar a fheictear anois leis na figiúirí, tá an rud ag imeacht ó smacht agus ní léir domsa go bhfuil cur chuige na Roinne Oideachais sásúil ina leith seo. Tá an Roinn sásta, is léir, scaoileadh le h-ardú na bhfigiúirí sin. Fós féin, maidir leis an bpáiste le disléicse, níl sé nó sí chun an tacaíocht cheart a fháil agus ní réiteoidh díolúine ón nGaeilge na fadhbanna sin, nó do na páistí a bhfuil riachtanais leathana eile acu.
No comments