Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní raibh sé i gceist agam go mbeadh siad siúd le disléicse nó aon mhíchumas eile ar fad dírithe i dtreo an bhonnleibhéil. Tá daoine áirithe gur chóir go mbeadh bonnleibhéal ar fáil dóibh. Tá daoine eile gur chóir go mbeadh ríomhaire ar fáil dóibh nó duine ag seasamh in aice leo chun cuidiú leo. Tá aithne agamsa ar a lán daoine atá disléicse acu, ar leibhéil dhifriúla, a tháinig amach le hardteistiméireacht den scoth toisc go bhfuair siad an cuidiú. Go minic tháinig sé sin ó na tuismitheoirí toisc gur chuir siad airgead breise nó am breise isteach agus múinteoirí den scoth anois agus arís a d’aithin na fadhbanna agus a chaith breis ama leo. Mar a dúirt duine éigin, níl aon one fix ann do gach duine. An cheist a bhí agam ná, ar chóir go mbeadh an scrúdú bonnleibhéal, the basic level, mar chuid den toolkit.

An aontaíonn na finnéithe gur chóir go gcuideodh níos mó continuous assessment, an leanúnachas sin a bhí aitheanta againn le linn na paindéime, sa chóras, ach go háirithe sa mheánscolaíocht? D’aithin muid é sin agus chuir muid muinín i múinteoirí go raibh a fhios acu na leibhéil ag a raibh páistí difriúla. Is ceist mhór í ó thaobh na teicneolaíochta. Ag an staid seo den saol, is féidir linn labhairt le ríomhaire agus is féidir leis an ríomhaire labhairt ar ais in aon teanga ar domhan. Níl leithscéal ar bith againn ach amháin airgead nó caiteachas, agus go dtí seo níl sé tarlaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.