Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Professor P?draig ? Duibhir:

Is píosa lán eolais atá againn ná gur léirigh an tuarascáil a rinne na cigirí, a bhí mé ag caint faoi mar chuid den athbhreithniú in 2018, go ndearna 67% de scoláirí a raibh díolúine acu staidéar ar nuatheanga, is é sin, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis nó Iodáilis, in 2016. Rinne dhá thrian de na daoine a raibh díolúine ón nGaeilge staidéar ar theanga eile. Labhróidh mé faoin gcur chuige i leith theagasc na Gaeilge agus teangacha eile.

Caithfidh mé easaontú le Donald Ewing. I scoileanna lán-Ghaeilge, mar shampla, tá dhá bhliain de thumoideachas sa Ghaeilge. Is trí Ghaeilge amháin atá an teagasc sna naíonáin bheaga agus sna naíonáin mhóra, agus múintear do pháistí conas léamh i nGaeilge sula léann siad i mBéarla. Tá an cur chuige atá Donald Ewing ag moladh, ó thaobh na fónaicí agus mar sin de, in úsáid sna scoileanna sin.

Mar chuid de churaclam teanga na bunscoile, tá cur chuige ó thaobh fónaicí molta freisin. Nuair a thosaíonn páistí ag léamh i nGaeilge i rang a haon nó rang a dó, déantar na scileanna ón Bhéarla a aistriú agus dírítear isteach ar na difríochtaí sna fuaimeanna atá difriúil sa Ghaeilge agus atá siad i mBéarla. Úsáidtear cur chuige ó thaobh na fónaicí leis sin. B'fhéidir nach bhfuil gach múinteoir á dhéanamh ach is é sin atá leagtha síos, is é sin a bhfuil mise ag plé le hábhar oide DCU agus is é sin atá an cur chuige ar na cúrsaí inti. Tá múinteoirí oilte chun é sin a dhéanamh.

Maidir le heaspa acmhainní, is é ceann de na hiarmhairtí díolúine a bheith ann ná nach bhfuil na hacmhainní againn. Tá phonological awareness training, PAT, agus cláir eile go mbaintear úsáid astu do pháistí a bhfuil disléicse orthu. B'fhéidir go bhfuil rudaí níos nua-aimsearthaí anois. Níl a leithéid againn i nGaeilge toisc go bhfuil díolúine ann. Is é ceann de na hiarmhairtí é. A luaithe agus atá díolúine ag dalta, ní chaithfidh an dalta dul i ngleic leis na fadhbanna agus, mar sin, ní chruthaítear na háiseanna. Deirtear nach mbeidh an páiste ag foghlaim na Gaeilge má tá disléicse air nó uirthi agus go mbeidh díolúine aige nó aici.

Is é sin díreach an rud a bhí mé ag caint faoi roimhe seo. Má bhíonn díolúine ag an bpáiste, ní bhíonn ar an gcóras dul i ngleic leis na fadhbanna agus na riachtanais atá ag na foghlaimeoirí. Níl aon díolúine sa Bhreatain Bheag agus beidh ar an gcóras na cláir seo a fhorbairt don Bhreatnais chun go mbeidh gach páiste in ann teacht air agus an curaclam a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.