Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Bhí mé chun ceist a chur ach chuir an Teachta Connolly í cheana. Aontaím le Gráinne O'Rourke gur speictream atá ann. Dúirt sí go bhfuil a lán daltaí in ann an Ghaelainn a fhoghlaim. Aontaím le Donald Ewing mar gheall ar dhaltaí nach bhfuil diagnóis acu. Tá aithne agam ar dhalta nach bhfuair diagnóis go dtí cúpla mí roimh an ardteistiméireacht. Tá sé an-deacair staitisticí oiriúnacha a fháil. D'fhiafraigh an Teachta Connolly an raibh a fhios ag na finnéithe cé mhéad dalta a bhfuil disléicse acu a rinne an ardteistiméireacht ach ní raibh na staitisticí sin acu. An bhfuil a fhios acu cé mhéad de na daltaí sin a dhein teangacha eile? De réir na staitisticí, dhein 83% de dhaltaí an Ghaelainn agus fuair 12% dóibh H1 inti. Chun é sin a chur i gcomparáid leis na teangacha eile, fuair 15% de dhaltaí a dhein an Ghearmáinis agus 14% dóibh a dhein an Fhraincis H1. An bhfuil a fhios ag na finnéithe cé mhéad daoine a bhfuil diagnóis disléicse acu, ar phointe ar bith den speictream, a dhein teanga iasachta? Níl aon cheist eile agam. An bhfuil an uimhir sin ar eolas ag na finnéithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.