Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Níl, mar tá na scileanna comhtháite. Anuas air sin, bíonn rudaí á rá ag roinnt daltaí a dhiúltaíonn an Ghaeilge. Bhí mé ag comhdháil cúpla seachtain ó shin agus bhí taighdeoir ag cur taighde i láthair maidir le rang ceoil a bhí ar siúl aige. Bhí sé ag múineadh amhrán i nGaeilge le páistí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de. Bhí cailín amháin sa rang agus dúirt sí nach ndearna sí Gaeilge mar go raibh díolúine aici. Dúirt an múinteoir nach raibh sé ach ag canadh. An chéad lá eile, tháinig an cailín isteach le cluasáin uirthi agus dúirt sí nach nglacfadh sí páirt sa rang sin mar nach raibh cead aici é sin a dhéanamh. Dúirt an múinteoir go raibh sé an-truamhéalach mar go raibh gach duine de na páistí eile sa rang ag baint taitneamh as an rang agus bhí an cailín beag seo le cluasáin uirthi, a ceann sa leabhar, agus gan cead aici páirt a ghlacadh sa rang sin. Is é an rud sin a tharlaíonn. Tá sé ar nós an rud a bhí á rá ag an Teachta Connolly, go bhfuil an smaoineamh sin ann. Cuireann sé an córas as riocht nuair atá an díolúine ag duine agus nuair a chuirtear i bhfeidhm ar bhealaí difriúla é.
Maidir le díolúine ó léamh agus scríobh, bheinn an-bhuartha dul síos an bóthar sin mar is dóigh liom nach bhfuil i gceist arís ach coigeartú beag a dhéanamh ar rudaí atá ann. Ba chóir go mbeadh an múinteoir, an duine gairmiúil, agus an scoil trí chéile ar a n-iarrtar tacaíochtaí foghlama in ann an curaclam a chur in oiriúint d'fhoghlaimeoirí. Más ionann sin nach bhfuil páiste chun dul i ngleic le léamh agus scríobh na Gaeilge ar feadh píosa, b'fhéidir, agus más é sin an rud atá ag teastáil, ba cheart go mbeadh an chumhacht sin ag an múinteoir é sin a dhéanamh, ar an tuiscint go mb'fhéidir go dtiocfadh sé nó sí ann am éigin. Bheadh an páiste ag dul i ngleic ansin leis an nGaeilge go dtí an leibhéal gur féidir leis nó léi, seachas a bheith á rá nach ndéanann sé nó sí léamh agus scríobh agus nach ndéanfar é seo. Níl an coincheap sin ag teacht leis an staid agus leis an tuiscint atá againn ar an oideachas faoi láthair.
Maidir leis an staidéar ar phobal ilteangach, ní heol dom go bhfuil a leithéid déanta, ach ón gcur amach atá agam ar thaighde leis an bpobal Polannach in Éirinn, cuireann siad an-luach ar an teanga bhaile. Cuireann siad na páistí ag scoileanna Dé Sathairn go minic chun a chinntiú go mbeidh siad in ann teagmháil a dhéanamh lena mhuintir sa Pholainn nuair a fhilleann siad don samhradh agus mar sin de. Ó thaobh an tréimhse Ghaeltachta a bhí an Teachta Ó Cuív ag labhairt faoi, téann siad chun na Polainne i rith an am sin, agus caitheann go leor acu, b'fhéidir, cúpla mí ann sa samhradh, agus bíonn siad tumtha sa Pholainnis i rith an am sin. Tá na scileanna litearthachta ann, mar a tharlaíonn sé, agus cé go raibh an Teachta ag leagan an-bhéim ar na scileanna labhartha, ó thaobh mhuinín na bpáistí Polannacha, ámh, is iad na scileanna litearthachta is mó a dhealaíonn iad siúd a bhfuil muinín acu as a gcuid scileanna nuair a shroicheann siad an aois a deich, 11 agus 12. Ag an staid sin, mura bhfuil siad ag coinneáil suas ó thaobh na litearthachta de, braitheann siad nach bhféadfaidís filleadh ar an bPolainn go héasca.
Mar sin, tá na scileanna ar fad tábhachtach dóibh. Nílim ag caint faoi na scileanna labhartha amháin. Tá na scileanna litearthachta fíorthábhachtach dóibh. Tá go leor den teanga le sealbhú trí bheith ag léamh agus tríd an bhfocal scríofa. Cé go mbíonn muid ag caint ar scileanna labhartha níos mó ná aon scil eile, tá na scileanna ar fad tábhachtach ó thaobh sealbhaithe iomláine na teanga.
No comments