Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bíonn readers, mar shampla, ag daoine san ardteistiméireacht, agus níl mé an-tugtha don rud seo faoi chóras na bpointí ach tá sé ann faoi láthair. Ní bheadh fadhb ar bith ag duine a d'fhoghlaim an teanga mar theanga dul isteach sa scrúdú béil agus díreach comhrá a bheith acu ann. Fágann sé sin an fhadhb leis an scrúdú scríofa. Dá mbeadh díolúine ann ón scrúdú scríofa ag a leithéidí nó dá mbeadh léitheoir curtha ar fáil a thabharfadh freagraí ó bhéal, an gceapfadh na finnéithe go mbeadh sé sin ina réiteach leis an tsaíocht a chur ar aghaidh? Is í an tuiscint atá agamsa ná na daoine a fhaigheann an díolúine, ní dhéanann siad Gaeilge scunscan, in reality agus go fírinneach.
No comments