Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Caithfidh mé mé féin a shoiléiriú anseo. Tá an iomarca béime sa tír seo ar scrúduithe agus táim in aghaidh chóras na bpointí. Dar liomsa tá na scrúdaithe sa mhullach ar an léann, an fhoghlaim agus an t-oideachas, ach is é an t-eolas féin, ar mhaithe leis féin, an rud atá fíorthábhachtach. Le fíor-oideachas, ní bheadh aon bhéim ar scrúduithe ar chor ar bith ann dá mbeadh sé sa tír seo, seachas an murder machine nua atá cruthaithe againne. Táim ag caint ar shaibhreas a thabhairt don ghasúr. Is cuma liom mura ndéanann siad scrúduithe, mar níl mé hung up ar scrúduithe. B'fhearr liom nach mbeadh an córas iontrála go dtí an ollscoil ann. Níl mé ag caint air sin ach ar an saibhreas a roinnt le daoine óga.
No comments