Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tuigim é sin. Tá sé scríofa sa ráiteas, "The Exemption from Irish represents a pragmatic reasonable adjustment". Ní dóigh liom gur sin an rud atá déanta ag an Roinn. Ní dóigh liom gur réiteach praiticiúil atá i gceist acu mar tá líon na ndíolúintí ag ardú an t-am uilig, gan aon bhriseadh síos. Níl na finnéithe in ann na figiúirí a thabhairt dom maidir le disléicse. Tá an briseadh síos thar a bheith tábhachtach. Aontaím ó thaobh na ndeacrachtaí atá ag daoine ach níl a fhios agam an céatadán go bhfuil deacrachtaí foghlama acu, chomh beag nó chomh mór is atá sé. Tá an briseadh síos sin ag teastáil go géar uainn. Níl sé sásúil go bhfuil an rud sin á úsáid - ní ag na finnéithe ach ag an Roinn - agus líon na ndíolúintí as cuimse. Ní féidir a shéanadh go bhfuil líon na ndíolúintí as ord, i ndáiríre, agus gan bunús.
No comments