Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Bheadh sé cabhrach don choiste dá mba rud é go raibh briseadh síos againn maidir leis an diagnóis atá ag daltaí agus ansin cé mhéid teangacha atá á fhoghlaim acu ag an am céanna nó níos déanaí. Bheadh sé sin suimiúil. Is dócha go bhfuilimíd ag oibriú i bhfolús anseo i ndáiríre agus dochar mór á dhéanamh don Ghaeilge gan bunús. Is í sin an fhadhb atá ann. Tá neart taithí agam ó ról eile a bhí agam cé chomh deacair is atá sé d'fhoghlaimeoirí agus riachtanais speisialta acu. An fhadhb atá agamsa de réir mar a fheicim anseo é, agus tá na finnéithe ag rá an rud céanna, ná nach bhfuil an chabhair cheart ar fáil agus, níos ginearálta, nach bhfuil na buntáistí i gceist ó thaobh a bheith dhá-theangach. Is buntáiste mór é dhá theanga nó níos mó a bheith ag duine agus tá sé sin á chailliúint anseo agus muid ag cur an fócas ar an nGaeilge mar an deacracht, cé nach bhfuil an cás céanna i gceist i leith na Gearmáinise nó na Fraincise.

Níl mé ag cur an locht ar na finnéithe ach is réiteach lochtach atá á chur chun cinn ag an Roinn. Tá sé ró-shrianta agus ró-dhiúltach, ní aithníonn sé na buntáistí agus ní chuireann sé cabhair chuí ar fáil.

An aontaíonn na finnéithe leis sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.