Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Is ea. Bhí dhá cháipéis i gceist agus breis agus 30 leathanach le staitisticí, cúlra na ndíolúintí agus gach aon rud san áireamh iontu. Nuair a léigh mé tuarascáil na gcigireachta, an tuairim a fuair mé féin agus daoine eile ag an am, ná go bhfacamar na dúshláin soiléir, go rabhamar ag fáiltiú roimh gach rud a bhí ráite ann, ach nuair a cuireadh dréacht ciorcláin le chéile mar réiteach, bhíomar á rá caithfidh nár léigh na daoine a chur na ciorcláin le chéile an rud a bhí na cigirí tar éis a ullmhú mar ní raibh siad ag aontú le chéile.
No comments