Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Bhí athbhreithniú cuimsitheach in 2012 sa mhéid agus go raibh an cháipéisíocht a chur na cigirí ar fáil thar a bheith cuimsitheach. Chuir sé an-chuid eolais ar fáil. D'aithin sé na laigí a bhí sa chóras mar a bhí. Is é an áit a raibh sé lochtach ná sa chomhairliúchán poiblí, is é sin, an ceistneoir a cuireadh amach go dtí an pobal ar fhreagair thart ar 11,000 duine é ach bhí mé féin cáinteach faoi. Bhí Cumann Disléicse na hÉireann cáinteach faoi chuid de na ceisteanna freisin.
Is dóigh liom go ndúirt Cumann Disléicse na hÉireann go bhféadfadh daoine "with diametrically opposed views" ceisteanna áirithe a fhreagairt agus go bhféadfadh an cheist an freagra céanna a thabhairt. Úsáideadh na freagraí ar an gceistneoir sin chun rud a bhrú tríd nach raibh oiriúnach.
No comments