Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá, ach tá súil agam nach mbeidh gá leis. Níl aon leithscéal faighte againn. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá chun freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe, ar ndóigh, atá os ár gcomhair chun labhairt linn inniu, agus roimh iad siúd atá ina lucht féachana istigh i seomra coiste 4 nó ar Theilifís an Oireachtais.
Ba mhaith liom fáilte a fhearadh roimh na hionadaithe seo a leanas: thar cheann an Dyslexia Association of Ireland tá an cathaoirleach, Gráinne O'Rourke, agus an ceann oideachais, oiliúna agus beartais, Donald Ewing, linn. Tá stiúrthóir Sealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, linn freisin. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis na finnéithe as teacht anseo chun cúnamh a thabhairt dúinn. Chomh maith leis an Dyslexia Association of Ireland agus Sealbhú, thugamar cuireadh d'ionadaithe teacht os ár gcomhair ó: scoil na n-eolaíochtaí teangeolaíochta, urlabhra agus cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, an eagras AsIAm, agus an Immigrant Council of Ireland freastail ar an gcruinniú seo agus páirt a ghlacadh ann. Faraor dúradh linn nach raibh siad in ann a bheith anseo linn agus is ábhar díomá dúinne é sin. É sin ráite, más spéis leo táimid ag lorg go gcuirfeadh siad achainí os ár gcomhair amach anseo. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad atá luaite agam ag freastail anseo ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ba mhaith liom a nótáil go bhfuil beirt Teachta ag teacht isteach go fíorúil óna n-oifigí, is iad sin an Teachta Aindrias Moynihan agus an Teachta O'Dowd.
Sula leanfaimid ar aghaidh lenár mbreathnú ar an ábhar an córas díolúintí i leith staidéir na Gaeilge sna meánscolaíochta, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na finnéithe atá ag freastail ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, mar atá déanta ag beirt go dtí seo, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh, líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do finnéithe éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach.
Anois is féidir linn díriú isteach ar ábhar na cruinnithe. Iarraim ar chathaoirleach an Dyslexia Association of Ireland, Gráinne O'Rourke, labhairt os comhair na coiste.
No comments