Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 7 October 2022

Seanad Public Consultation Committee

Young Voices on the Constitutional Future of the Island of Ireland: Discussion (Resumed)

Ms Eimear Nic Dhonnchadha:

Ní déarfaidh mé mórán; tuigim nach bhfuil ach beagán ama againn. Mar fhreagra ar an Seanadóir Joe O’Reilly, déarfainn gur theip Gaeilge éigeantach i scoileanna. Is Gaeilge a labhair mise sa mbaile. Tógadh le Gaeilge mé mar sin ní raibh orm í a fhoghlaim ar scoil, ach maidir le mo chuid cairde as cathair na Gaillimhe nó mura as an nGaeltacht iad, tá Gaeilge déanta acu ar scoil ó bhí siad ceithre nó cúig bliana d'aois agus is ar éigean nach bhfuil siad in ann abairt a chur le chéile. Múintear an Ghaeilge sna scoileanna ar bhealach nach n-oibríonn agus ní oireann sé d’aon ghasúr. Múintear an Ghaeilge, fiú dá labhraídís cheana féin í, amhail is dá mbeadh an teanga ar eolas ag na gasúir cheana féin. Ní mhúintear í ar an gcaoi a mhúintear Fraincis nó Spáinnis nó teangacha Eorpacha. Múintear an Ghaeilge ar an gcaoi a mhúintear an Béarla. Tá Béarla ag na gasúir ach níl aon Ghaeilge acu agus ní dhéanann sé sin aon chiall. Is cur amú ama agus airgid atá leis na ranganna Gaeilge. Caithfear an córas oideachais a bhaineann leis an nGaeilge sa tír seo a athrú le go mbeidh muintir na hÉireann in ann Gaeilge a labhairt agus í a labhairt le bród.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.