Oireachtas Joint and Select Committees
Friday, 7 October 2022
Seanad Public Consultation Committee
Constitutional Future of the Island of Ireland - Public Policy, Economic Opportunities and Challenges: Discussion
Mr. Conch?r ? Muadaigh:
Is thar a bheith tábhachtach é seo nuair a amharcann tú ar an Stát le 100 bliain anuas agus ar na Gaeltachtaí faoi láthair. Tá an teanga agus na Gaeltachtaí faoi bhrú ar chúpla leibhéal. Nílim ag caint faoin teanga amháin ach faoi fhostaíocht, infheistíocht agus 20 rud eile. Dá mbeadh aon duine sa Ghaeltacht ag amharc ar dheis chun rud a dhéanamh chun a phobal a athghiniúint, bheadh sé nó sí breá sásta. Is é an pointe atáimid ag iarraidh a dhéanamh ná go bhfuil sé maith go leor dúinn a bheith ag eagrú imeachtaí sa Ghaeltacht agus ag déanamh iarrachta muintir na Gaeltachta a mhealladh ach caithfidh an Rialtas infheistíocht a dhéanamh sa chóras seo. Is gá dúinn éisteacht a fháil uaidh. Labhair mé faoi mheancóga an Stáit. Caithfimid a bheith ionraic agus machnamh ionraic a dhéanamh air seo. Is teip iomlán atá i gceist leis an gcur chuige i leith na nGaeltachtaí. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach nuair a amharcaimid ní hamháin ar Chonamara nó Ciarraí ach ar an iarthar go ginearálta. Le poblacht nó stát úr, tá deis cheart ann dul i ngleic leis na fadhbanna sin.
No comments