Oireachtas Joint and Select Committees
Friday, 7 October 2022
Seanad Public Consultation Committee
Constitutional Future of the Island of Ireland - Public Policy, Economic Opportunities and Challenges: Discussion
Mr. Conch?r ? Muadaigh:
Ar dtús, is mian liom, mar ionadaí ar Chonradh na Gaeilge, mo bhuíochas a chur in iúl as ucht an cuireadh a bheith libh inniu ar an ábhar tábhachtach seo. Tá dualgas orainn athbheochan na Gaeilge a chur i gcroílár na díospóireachta agus an teanga a chosaint uathu siúd a bhainfeadh úsáid as aon athrú bunreachtúil amach anseo chun í a fhágáil ar lár nó a imeallú.
Ní mór do chainteoirí Gaeilge a bheith páirteach agus a chinntiú go gcuirfear éilimh agus riachtanais na Gaeilge agus phobal na Gaeltachta i lár na díospóireachta. Níor éirigh riamh leis an dá Rialtas, Thuaidh nó Theas, an Ghaeilge a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn mar ba chóir. Is gá dúinn ceachtanna a fhoghlaim ó na meancóga a rinneadh lena chinntiú nach dtarlaíonn siad arís. Chomh maith leis sin, ba chóir dúinn foghlaim ó na buanna agus samplaí den dea-chleachtas ar fud fad an domhain, go háirithe ónár gcairde sa Bhreatain Bheag. Is gá smaoineamh, machnamh agus pleanáil shuntasach a dhéanamh ar aon socruithe bunreachtúla atá le teacht. Is gá don phlé riachtanach seo a bheith leathan, mionsonraithe agus cuimsitheach mar a bhaineann le ceisteanna teanga agus Gaeltachta trí chéile.
Níl réiteach ag Conradh na Gaeilge ar gach ceist agus níl muid ach ag tús an aistir seo. Sin ráite, cuidíonn an plé seo ar fad linn polasaithe cuimsitheacha a fhorbairt agus na ceisteanna a bhaineann le cúrsaí dlí, oideachais, stádais agus cúinsí sochtheangeolaíocha a fhreagairt. Cuirfidh sé ar ár gcumas a bheith réidh agus chun tosaigh ar ionsaithe ar an teanga agus deiseanna a thapú di in aon socrú nua. Ná bíodh aon dallamullóg orainn: beidh dúshláin agus deiseanna i gceist. Tá dualgas orainn bheith réidh chun tabhairt faoin obair sin le muinín agus le fís atá uaillmhianach agus atá tógtha go hiomlán ar an bprionsabal gur chóir cearta teanga a aithint mar chearta daonna.
Tá stádas iomlán ag an nGaeilge san Aontas Eorpach ó Eanáir 2022. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla leasaithe ó Dheas agus tá reachtaíocht don Ghaeilge ó Thuaidh geallta, ach fós féin níl siad láidir go leor. Sa chomhthéacs seo, caithfear a chinntiú go slánófar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil faoi aon shocrú bunreachtúil nua. Níor cheart amharc ar an nGaeilge mar rud gur féidir a íobairt in aon phlé ar Éirinn aontaithe, mar atá molta cheana féin ag cúpla polaiteoir. Is deis í seo chun pobal a athghiniúint, athmhuintearas a chothú agus feidhm a bhaint as acmhainn uathúil na Gaeilge chun an tír a fhorbairt agus a fhás. Creidimid go mbeidh ceist na gcearta - cearta teanga ina measc - agus ceist na bhféiniúlachta lárnach amach anseo agus tá sé ríthábhachtach go gcuirfear tús leis na comhráite anois chun a chinntiú go mbeimid mar cheannairí sa phlé sin atá á éascú agus á eagrú go leanúnach.
Tá tús curtha leis seo ag Conradh na Gaeilge agus go leor dár ngrúpaí ar fud na tíre. Anois an t-am don Rialtas tacaíocht agus acmhainní a chur ar fáil chun na spásanna seo a chruthú agus tús a chur le hullmhúcháin. Ní leor do ghrúpaí pobal a bheith i gceannas air seo. Caithfidh Rialtas na hÉireann ról lárnach a imirt agus tacú leo siúd atá i mbun eagrúchán.
No comments