Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá mé ag breathnú ar an gceist seo le tamall agus is soiléir go bhfoghlaimíonn daoine a thógtar le Gaeilge agus daoine a thagann isteach ón iasacht a bhfuil teanga eile bhaile acu an Béarla fiú má tá fadhbanna foghlama acu. Is féidir seasamh siar agus a rá leat féin nach bhfuil fadhb ag daoine go ginearálta cumas labhartha sa dara teanga a fháil. Is i gcásanna eisceachtúla a theipeann ar dhaoine é sin a dhéanamh. Tá sé sin ráite go soiléir freisin sna páipéir a cuireadh ar fáil.
Is é an dara rud atá suntasach ná go bhfuil 67% de na daoine a bhfuil díolúintí acu ag an dara leibhéal ag déanamh teanga eile nach ndearna siad sa mbunscoil as an nua sa meánscoil. Mar sin, níl sé seo ag oibriú mar dhíolúine theanga. Tá sé ceart go leor a rá go bhfuil na príomhoidí sa scoil go leanúnach agus go dtuigeann siad na gasúir ach, ag an am céanna, tá gaol ag na príomhoidí le tuismitheoirí gasúr atá ann chuile lá. An bhfuil sé ceart nó féaráilte an t-ualach a chur ar na príomhoidí ó tharla gurb iad siúd a thugann an breithiúnas? Tá a fhios agam go bhfuil córas achomhairc ann ach, má thugann siad an breithiúnas, an bhféadfadh sé cur as don ghaol idir an páiste nó scoláire, na tuismitheoirí agus an príomhoide má thugtar cinneadh nach dteastaíonn ón scoláire ná óna thuistí? Tá líon na ndíolúintí ag dul suas. Tá fadhb ollmhór ansin. Mar a dúirt mé, tá go leor ag déanamh dara teanga. B'fhéidir go mbreathnódh na finnéithe air seo agus an cheist a chur "céard gur ceart dúinn a mholadh anois?". Ní féidir tuilleadh staidéar agus deich mbliana eile ag breathnú air seo a mholadh mar d'fhéadfá a rá go bhfuil geataí na páirce ar oscailt agus go bhfuil na caoirigh ag imeacht. Má fhágaimid ar oscailt níos faide iad, ní bheidh aon dul siar air. Tuigimid é sin.
An ceart go mbeadh díolúine ó scríobh na Gaeilge ag cuid de na gasúir agus go bhfoghlaimfidís an teanga mar theanga labhartha? Is iomaí duine a bhfuil fadhb aige nó aici le scríobh, litriú agus na rudaí seo ar fad nach bhfuil fadhb aige nó aici le labhairt.
Tá a fhios agam cén moladh atá agam maidir le rás na bpointí. Ní hé an ardteistiméireacht an fhadhb ach rás na bpointí. Ní aontaím leis ó thús go deireadh. Ceapaim féin gur rud é seo atá curtha in áit ag na hollscoileanna ar roinnt cúiseanna. Faigheann formhór na ndaoine a chéad nó a dara rogha de chúrsa. Tá sé seafóideach. Tógaimid ceann de na cúrsaí ardleibhéal, leigheas. Táim ag dul píosa ón scéal ach tá an-tionchar ag an scéal seo ar na pointí, mar a bhí na finnéithe ag rá. Nuair a bhí mise ar an ollscoil, bhí na pre-meds ar an gcúrsa leighis ag déanamh mórán den chúrsa céanna agus a bhí lucht na bitheolaíochta agus mar sin de ag déanamh sa chéad bhliain de chúrsa eolaíochta. Is eolaíocht a bhí mise ag déanamh. B'fhearr liom go ndéanfaí measúnú tar éis an chéad bhliain san ollscoil agus go just ligfí na daoine isteach san ollscoil mar faigheann formhór na ndaoine atá ag iarraidh dul ag an ollscoil áit in ollscoil. An bhfuil sé in am breathnú air seo i gcomhthéacs níos leithne toisc go bhfuil rás na bpointí ag déanamh rudaí aisteacha d'oideachas gasúr? Scriosann sé ar an oideachas. Cén fáth a ndéarfadh mise le gasúr an Ghaeilge a fhoghlaim? Cén fáth go bhfuil áthas orm gur cuireadh an Ghaeilge i mo bhealach agus mé ag fás aníos? Is é an fáth ná an saibhreas agus an tuiscint ar mo thír féin a thug sé dom ar chuile bhealach. Táim ag caint faoin áit gurb as mé, logainmneacha agus míle rud eile. Creidim gur cinneadh ollmhór é sin a cheilt ar dhuine agus a rá "ní fiú duit é" nó é a chur i gcoirnéal agus a rá "bheadh sé iontach dá mbeadh sí agat ach, i rás na bpointí, b'fhearr duit í a chaitheamh uait". Ní oideachas é sin.
Tá rud deiridh le rá agam. Níl mé ach ag smaoineamh. Táim cinnte nach bhfuil mo chuid ceisteanna an-díreach ach táim ag breathnú air seo san iomlán agus ag cur na ceiste: céard a chaithfimid a dhéanamh? Scríobh an Piarsach faoin murder machine os cionn 100 bliain ó shin ach, dar liom, is é rás na bpointí an murder machine in 2022. Tá tionchar ollmhór, ó thús go deireadh, ag an rud seo agus cuireann sé leis an éileamh ar dhíolúintí agus an leibhéal ard daoine nach mbacann leis na scrúduithe, nach bhfuil ag déanamh na Gaeilge i ndáiríre agus a chaitheann ar leataobh é.
Tá cúpla ceist ansin. An ceart dúinn breathnú ar an rud seo faoin teanga scríofa? Cén chaoi gur féidir é seo a dícheangail ó rás na bpointí mura bhfuil muid chun deireadh a chur leis? B'fhearr liom deireadh a chur leis. Creidim go bhfuil réiteach eile nuair a bhreathnaítear ar na figiúirí. Idir an dá linn, agus na díolúintí fós ann, ar cheart gurb iad na príomhoidí a dhéanann an cinneadh nó ar cheart go mbeadh córas éigin eile toisc go bhfuil sé ag cur ualach pearsanta an-trom ar phríomhoidí? Tá sé cosúil le duine a thagann isteach i mo clinic. Déanaimid ár ndícheall dóibh i gcónaí. Céard eile a dhéanfaimid? Gabhaimid tríd chuile mhionriail leasa shóisialaigh agus chuile shórt eile ag féachaint an bhfuil muid in ann cúnamh a thabhairt dó nó di. Nuair atá daoine faoi chúram na bpríomhoidí, tá sé an-deacair orthu gan a ndícheall a dhéanamh dóibh agus a gcuid mianta a bhaint amach.
No comments