Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. John Boyle:

Rinneadh pointí faoi na síceolaithe. Tá scéim National Educational Psychological Service, NEPS, ann. Bíonn síceolaí amháin faoi láthair do gach 18 scoil sa tír, idir mheánscoil agus bhunscoil, agus bíonn brú mór orthu siúd ar ndóigh. Níl ach 183 lá sa scoilbhliain sa bhunscoil agus 18 scoil acu. Tá scéim eile in áiteanna sa tír nuair nach bhfuil NEPS ar fáil, tá scéim eile scaipthe lena bhféadfar na síceolaithe príobháideacha a thabhairt isteach sa scoil. I gcásanna mar sin, ar ndóigh, mar a dúradh, téann na tuismitheoirí a bhfuil airgead acu go príobháideach fosta.

Más rud é go dtagann an tuairisc isteach go dtí an príomhoide sa bhunscoil agus go bhfuil sé scríofa isteach sa tuairisc gur chóir díolúine a thabhairt don pháiste sin ón Ghaeilge, cuireann sé sin brú ar an scoil agus ar an bpríomhoide ach níl an ciorclán nua a sheoladh amach ag na síceolaithe. Ar ndóigh, tá a fhios ag NEPS go bhfuil ciorclán nua ann ó mhí Lúnasa ach ní fhaigheann na síceolaithe príobháideacha na ciorcláin. Is í sin an fhadhb atá air sin.

Tá a fhios ag na comhaltaí go maith go mbíonn brú ar phríomhoidí i gcónaí. Ní dóigh linne go bhfuil níos mó brú ar na príomhoidí anois mar gur athraigh an Roinn an ciorclán. D'fháiltíomar roimh an gcinneadh a bheith déanta sa scoil ach tá an brú céanna ann anois agus a bhí ann riamh. Bíonn an brú ag teacht ón gcóras agus bíonn an brú ag teacht ó thuismitheoirí agus níor athraigh an ciorclán úr an scéal sin.

Níl sé sin ró-thábhachtach áfach. Is é an rud is tábhachtaí ná go n-amharctar ar an data agus cad atá taobh thiar den mhéadú ar an oiread díolúintí. Ní dóigh linn gur chóir dóibh dul i méid mar atá siad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.