Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. Declan Glynn:
Níl diagnóis chliniciúil ag teastáil a thuilleadh. Bhíodh diagnóis ó shíciatraí príobháideach ag teastáil tráth. Fuarthas réidh leis sin. Is éard atá ag teastáil anois ná marc íseal i gceann amháin de thrí scrúdú faoi leith. Déantar tástáil ar chumas an dalta sa léamh, sa litriú agus sa léamhthuiscint. Bíonn an dalta atá lag agus faoin deichiú percentile in aon cheann de na tástálacha sin i dteideal díolúine. Deir na hoideachasóirí uile ar fud an domhain, áfach, go bhfuil sé sin róchúng agus gur iomaí duine atá lag i gceann amháin de na ranna sin.
D'fhéadfadh duine a bheith lag sa litriú amhail duine a bhfuil dyslexia nó dyspraxia air nó uirthi. D’fhéadfadh deacrachtaí foghlamtha a bheith ag duine nach mbeadh ina mbac ar fhoghlaim an dara teanga. Is é sin an rud. Is féidir le duine a bheith lag san fhoghlaim ach ní bonn ar bith é sin leis an duine sin a eisiamh ó fhoghlaim an dara teanga. Is é sin a deir na hoideachasóirí agus an taighde uile ar fud an domhain uile maidir leis seo.
Maidir le ceist an Teachta faoi thuismitheoirí, ní hé tuismitheoirí ón iasacht a bhí i gceist agam ach an gnáthdhuine. Tá páistí ag mo dearthár agus mo dheirfiúr. Rinne an péire dóibh an Ghaeilge agus d'éirigh go maith leo ach, mar thuismitheoirí, ní bheidís chomh féinmhuiníneach iontu féin ag tabhairt chabhrach dá bpáistí ach is rud an-simplí atá i gceist anseo. Má tá deacracht ag tuismitheoir cabhrú lena pháiste nó lena páiste maidir leis an nGaeilge, seolann sé sin i dtreo iarratas a chur isteach ar dhíolúine iad.
Tá páistí scoile an-chliste faoi seo uile, go háirithe daltaí na hardteistiméireachta. Bíonn seacht n-ábhar le déanamh acu ach ní chomhairtear ach sé chinn. Tá an iomarca le déanamh acu agus cinneann siad le héirí as ceann amháin dóibh. Roghnaíonn siad leis an nGaeilge a fhágáil ar leataobh toisc go bhfuil sí ródheacair agus go bhfuil an iomarca oibre ag baint léi. Déanann siad an mhatamaitic fheidhmeach mar seachtú hábhar ina háit. Breathnaíonn scoláirí ardteistiméireachta ar an nGaeilge mar sin.
Ní chuireann 22% de na scoláirí sa séú bhliain isteach ar an scrúdú Gaeilge in aon chor. Céard atá ar bun ag na scoláirí sin? Céard atá ar siúl acu? Tá siad ag cur a gcuid fuinnimh uile isteach sna sé ábhar eile agus ag iarraidh a gcuid pointí ón Lár-Oifig Iontrála a uasmhéadú. Is fusa dóibh é sin a dhéanamh in a lán cásanna, ná leanúint le hábhar atá deacair agus nach bhfuil spéisiúil ná úsáideach – ina dtuairim.
No comments