Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na haíonna go léir. Is dócha gurb é an rud is annamh is iontach: táimid go léir ar aon intinn. Bhí sé suimiúil a bheith ag éisteacht le Declan Glynn mar gheall ar thuismitheoirí ag roghnú bunscoileanna mar bheadh sé níos éasca díolúine a fháil iontu. I ráiteas Aontas Múinteoirí Éireann, dúradh nach raibh tuismitheoirí in ann cuidiú lena bpáistí. Maidir le formhór na n-iarrthóirí agus na dtuismitheoirí, an iad daoine nach ndearna Gaeilge nuair a bhí siad ar scoil, ar tháinig siad ó thar lear, nó an as an Stát seo a dtagann siad?

Rinneadh tagairt shuimiúil i ráiteas an Chumann Múinteoirí Éireann mar gheall ar an gcaoi a ndearna 67% de mhic léinn a raibh díolúine acu staidéar ar theanga eachtrannach. Maidir leis an daonra ginearálta de mhic léinn, is é an staitistic chéanna sa junior cert. De réir thejournal.ie, déanann 67% de bhuachaillí staidéar ar theanga eachtrannach. Tá siad in ann é a dhéanamh san ardteist chomh maith.

Maidir le síceolaithe príobháideacha, an bhfuil tuairim ag na finnéithe fúthu? An bhfuil cáil ar chuid de na síceolaithe sin? Chuala mé faoi thuismitheoir i gCiarraí ag dul chuig contaetha atá 100 míle óna mbaile chun síceolaí a fháil. An bhfuil sé sin ag tarlú go ginearálta?

Baineann mo cheist dheireanach leis na príomhoidí. Tá siadsan in ann cinneadh a dhéanamh ar na díolúintí ó 2019. An bhfuil an iomarca brú ar na príomhoidí agus an bhfuil sé oiriúnach an riail sin a aistriú chun an brú a bhaint díobh?

Ní fhaighimid go minic é ach uaireanta faigheann polaiteoirí go mbíonn daoine i dteagmháil linn chun iarraidh orainn brú a chur ar na príomhoidí chun an exemption a fháil dá leanaí. An bhfuil tuairim ag na finnéithe mar gheall ar an riail sin? Níl a fhios agam cad atá in aigne ag an Roinn leis na moltaí nua maidir le T1 agus T2 agus leis an easpa ómóis don Ghaelainn atá ag tarlú. Is cúis imní iad na haistrithe atá molta acu. An bhfuil an iomarca brú ar na príomhoidí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.