Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. Declan Glynn:

Gabhann Aontas Múinteoirí Éireann buíochas leis an gCathaoirleach as an gcuireadh thar ceann an choiste aitheasc a thabhairt don chomhchoiste ar an gcóras díolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht.

Tugann Aontas Múinteoirí Éireann ionadaíocht do mhúinteoirí iar-bhunscoile, do léachtóirí sna hollscoileanna teicneolaíochta agus do bhaill foirne eile in earnálacha agus i seirbhísí oideachais. Déanaimid ionadaíocht thar ceann múinteoirí san uile chineál iar-bhunscoile: coláistí pobail agus gairmscoileanna de chuid na mbord oideachas agus oiliúna; meánscoileanna; pobalscoileanna; agus scoileanna cuimsitheacha.

Is do scoláirí ó thar lear, nó scoláirí a chaith tréimhse trí bliana ar a laghad thar lear, agus do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas dianseasmhacha acu is mó a dheonaítear díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge. Léiríonn an fhaisnéis uile gur i scoileanna de chuid na mbord oideachas agus oiliúna agus sna pobalscoileanna atá an cion is mó de scoláirí ón iasacht agus an cohórt is mó de scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Mar a léirigh Fischer:

Community schools and vocational or technical schools under VEC (and now ETB) management cater for a much more diverse school population and for a disproportionate number of immigrants or children of immigrants.

Tá córas na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge lochtach agus tá sé míshásúil, dar le hAontas Múinteoirí Éireann. Is é croílár na faidhbe ná líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal iar-bhunscoile ar bhonn deacrachtaí foghlama; tá formhór na scoláirí ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon a ndeonaítear díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge dóibh sa chatagóir seo. Go deimhin, mhaithfí don té a mheasfadh gur próiseas uathoibríoch é den chuid is mó an deonú díolúine.

Sular eisíodh ciorcláin leasaithe na Roinne Oideachais ar dheonú díolúintí in 2019, chonacthas gur deonaíodh idir 40% agus 52% de na díolúintí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon go mícheart nó go míchuí ach is amhlaidh an scéal go fóill, de réir gach aon chosúlachta. Cé is moite de chorrbhliain anseo is ansiúd, ag brath ar chúinsí éagsúla, cúrsaí déimeagrafacha agus inimirce, san áireamh, tá ardú leanúnach, comhsheasmhach tar éis teacht ar líon na ndíolúintí a cheadaítear; tháinig ardú 170% ar líon na ndíolúintí a deonaíodh idir 2004 agus 2019.

Deonaíodh díolúine ón nGaeilge do 2.5% de scoláirí iar-bhunscoile in 1999 ach bíonn díolúine ag os cionn 11% díobh le blianta beaga anuas, rud a chuireann ar neamhní aidhm na Roinne Oideachais gur rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheadh sa díolúine. Aontaíonn Aontas Múinteoirí Éireann leo siúd a áitíonn nár cheart go mbeadh díolúine ach ag idir 2% go 3% de phobal na scoile.

Is ábhair imní faoi leith dúinn an borradh seasta ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal iar-bhunscoile - is méadú 32% sna sé bliana deireanacha é - agus an t-ardú as éadan ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ar bhonn deacrachtaí foghlama ag an dara leibhéal - is ardú 22.8% é - ó tugadh an córas leasaithe isteach in 2019. Caithfear an borradh seasta ar líon na ndíolúintí áirithe seo a mheas i gcomhthéacs an laghdaithe suntasaigh ar an ráta inimirce go hÉirinn le blianta beaga anuas, ó 34,000 inimirceach in 2018 go 28,900 inimirceach in 2020. Tá imní orainn freisin faoin ardú as éadan ar líon na ndíolúintí a deonaíodh do scoláirí sa séú bliain ar an bhforas céanna seo - is ardú 47% sa tréimhse 2019 go 2021 é. Táimid buartha freisin faoin gcion de dhaltaí an teastas shóisearaigh agus daltaí ardteistiméireachta a mbíonn díolúine acu ach a thugann faoi theanga Eorpach eile - is idir 55% agus 74%, ag brath ar an mbliain, é. Is cúis imní é freisin an cohórt de scoláirí ardteistiméireachta nach ndéanann aon scrúdú ardteistiméireachta sa Ghaeilge - is os cionn duine as gach cúigear atá i gceist leis seo agus bíonn díolúine ag idir 60% go 70% acu. Tá na figiúirí seo curtha os comhair an chomhchoiste. Bhainfeadh an comhchoiste alltacht as na figiúirí féin mar is figiúirí stangtha iad chomh maith.

Tá buairt ar Aontas Múinteoirí Éireann faoin bhforas is nuaí faoinar féidir díolúine a cheadú; is é sin i gcás “scoláirí a bhfuil ardleibhéal riachtanas éagsúil dianseasmhach acu, ar riachtanais iad atá ina mbac suntasach ar a rannpháirtíocht ina gcuid foghlama agus i saol na scoile”. Tá sé sin leagtha amach in alt 2.2.3 sa chiorclán is déanaí. Sna treoracha d’iar-bhunscoileanna a d’eisigh an Roinn Oideachais, is soiléir nach gá go mbeadh deacracht foghlama sainaitheanta ag an scoláire chun díolúine a lorg ar an bhforas nua seo ach go gcuimsíonn sé scoláirí ar mór an crá nó an strus orthu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge d’ainneoin pleananna tacaíochta scoláire spriocdhírithe indibhidiúlaithe a bheith ann dóibh. Neosfaidh an aimsir, ar ndóigh, ach tá imní orainn go mbainfear mí-úsáid as an bhforas nua seo mar chúis aonair chun díolúine a bhaint amach agus go gcuireann sé le borradh na ndíolúintí. Dar ndóigh, is mór an t-ualach nua ar scoileanna agus ar mhúinteoirí pleananna tacaíochta a chur ar bun do dhaltaí aonair sa chás go gcuireann foghlaim na Gaeilge chomh mór sin as dóibh go mbíonn gá lena leithéid agus ní dheachthas i gcomhairle le hAontas Múinteoirí Éireann ina thaobh sin.

Tá dua ag baint le foghlaim teanga ar bith, gan aon amhras, ach tá strus ag baint le hábhair scoile eile chomh maith, ar dual don uile scoláire dul i dtaithí air, agus cabhair á fáil ag an scoláire ó fhoireann na scoile.

Ní fheictear dúinn gur mó an strus agus an imní a bhaineann le staidéar ar an nGaeilge per se. Go háirithe má leanann scoláirí ar aghaidh le foghlaim teangacha eile, tá na próisis chognaíocha chéanna i gceist i bhfoghlaim na Gaeilge agus foghlaim teangacha iasachta ar nós na Fraincise nó na Spáinnise. Tá easpa eolais agus trédhearcachta ag baint le forfheidhmiú an chórais díolúine. Is locht mór é seo ar cheart a réiteach dar le hAontas Múinteoirí Éireann.

Thuairiscigh breis agus dhá thrian na bhfreagróirí sa suirbhé Gaeilge 2013 go bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge, agus d’aontaigh breis agus beirt as gach triúr leis an ráiteas “gan Ghaeilge, chaillfeadh [Poblacht na hÉireann] a féiniúlacht mar chultúr ar leith go cinnte”. Tugtar le fios, afách, sa taighde a rinne Emer Smyth agus a chomhghleacaithe gurb í an Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le scoláirí na hardteistiméireachta - ní dúirt ach 36% gur thaitin sí leo - agus an t-ábhar is lú spéise dóibh.Ní cheapann ach 40% de scoláirí ardteistiméireachta go bhfuil an Ghaeilge úsáideach ach oiread, ach ceapann dhá thrian díobh go bhfuil an Fhraincis úsáideach, cuir i gcás.

Tuairiscíonn ár mbaill in Aontas Múinteoirí Éireann go mbreathnaíonn scoláirí go fuarchúiseach, fuarchroích ar ualach oibre agus fiúntas na n-ábhar scoile éagsúil, gur dóigh le cion mór scoláirí nach fiú an dua agus an deacracht a bhaineann leis an nGaeilge, agus gurbh fhearr dóibh díriú ar ábhair eile agus, ina lán cásanna, a gcuid pointí don Lár-Oifig Iontrála a uasmhéadú. Maítear i dtuarascáil taighde na cigireachta go mb’fhéidir go gcuireann fachtóirí a bhaineann le tuismitheoirí le meon diúltach na scoláirí i leith na Gaeilge. Thug roinnt tuismitheoirí le fios do chigirí na Roinne Oideachais nach raibh siad féin in ann cuidiú lena bpáistí agus gur cheap siad gurbh fhearr an t-am a chaitear ar fhoghlaim na Gaeilge a chaitheamh ar ábhair níos úsáidí mar Bhéarla nó matamaitic. Deir go leor dár mbaill dúinn go mbreathnaíonn roinnt scoláirí agus a dtuismitheoirí ar an díolúine mar réiteach ar ábhar atá dúshlánach, dar leo, agus mar bhealach éalaithe as. Más ea, is cosúil go bhfuil díolúintí á ndeonú do scoláirí nach bhfuil incháilithe dóibh agus go bhfuil leatrom dá dheasca sin ar a gcomhscoláirí. Más amhlaidh an scéal, is mór an éagóir é.

Aontaíonn Aontas Múinteoirí Éireann leis na hoideachasóirí eile a deir nach bhfuil a leithéid de rud ann agus sain-mhíchumas foghlama teanga. Deir Mary Caitlin Wight, i dtaca le scoláirí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu, nach mbíonn deacrachtaí níos measa acu teangacha a fhoghlaim ná a gcomhscoláirí de dheasca a gcuid míchumas foghlama amháin, agus tacaíonn sí le cur chuige na difreála sa teagasc - ranganna beaga, am breise agus measúnachtaí malartacha - mar bhealaí chun rochtain ar fhoghlaim an dara teanga a éascú do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu seachas iad a eisiamh ó staidéar ar an dara teanga. Ceistíonn Richard Sparks an bunús a bhaineann le diagnóis míchumas foghlama teanga, agus deir sé go léirítear san fhaisnéis eimpíreach “that students classified as learning disabled do not regularly fail foreign language courses and that, in fact, most secondary and post-secondary students classified as learning disabled pass foreign language courses”. Is ar an ábhar sin a mhaímid gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar chritéar 2.2.2 de Chiorclán 55/2022. Tá an critéar ró-scaoilte agus ró-chúng. Ní theastaíonn ach scór ar an deichiú peircintíl nó faoina bhun ar thriail litrithe nó léamh focal nó léamhthuiscint. Ní dóigh linn go bhfuil sé seo cuimsitheach go leor. Is iomaí scoláire a mbeadh scór faoi bhun an deichiú peircintíl i dtástáil litrithe aige nó aici, cuir i gcás, ach a bheadh in ann tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge agus dul chun cinn maith a dhéanamh inti.

Tá riachtanais speisialta oideachais ag beagnach 10% de dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ach ní bac ar bith é sin orthu dul chun cinn maith a dhéanamh sa Ghaeilge. Anuas air sin, léiríonn an lear mór scoláirí a dtugtar díolúine ón nGaeilge dóibh ach a dhéanann an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis nó an Iodáilis nach ann don sain-mhíchumas foghlama teanga. Is ar aimhleas cothú agus chur chun cinn na Gaeilge féin é an borradh seasta ar líon na ndíolúintí ag an leibhéal iar-bhunscolaíochta, dar le hAontas Múinteoirí Éireann, rud a fhágann go gcuirtear ar neamhní aidhmeanna Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Gabhaimid míle buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an deis chainte a thug siad go flaithiúil dúinn agus as an deis aighneacht a chur faoi bhráid an choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.