Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bogaimid ar aghaidh anois le breathnú ar an gcóras díolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht. Cuirim fáilte roimh na hionadaithe seo a leanas: thar cheann Aontas Múinteoirí Éireann,Declan Glynn, ard-rúnaí cúnta; David Duffy, oifigeach oideachais; agus Antóin Ó Coinn, baill den choiste feidhmiúcháin náisiúnta; thar cheann Chumann Múinteoirí Éireann, Mr. John Boyle, ard-rúnaí; agus thar cheann Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, Moira Leydon, ard-rúnaí cúnta; agus Anne Loughnane atá ina mhúinteoir i bPobalscoil Inbhear Scéine, Contae Chiarraí. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabhadh leo as ucht teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn sa phlé atá á dhéanamh. Thugamar cuireadh do Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí Iarbhunoideachas bheith anseo inniu ach, faraor, níor ghlac sí leis an gcuireadh sin. Tá na finnéithe go léir anseo i seomra coiste 4 laistigh de phurlán Thithe an Oireachtais. Caithfidh mé roinnt de na rialacha agus treoracha seo a leanas a leagan fúthu.

Meabhraím d’fhinnéithe agus do chomhaltaí an deis seo a thógáil chun na gutháin shoghluaiste a mhúchadh le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna gcuid oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é seo. Ba mhaith liom a mheabhrú dóibh siúd atá ag teacht isteach go fíorúil gur gá dóibh scáileán a bheith ar siúl fad is atá siad ag labhairt agus a micreafóin a mhúchadh nuair nach bhfuil siad ag labhairt ionas nach gcuirfeadh an fhuaim as don chruinniú. Ba chóir cloí leis na moltaí seo ar fad.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu.

Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin le linn d'aon duine a bheith ag teacht isteach sa chruinniú ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh, nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh nó tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach.

Feicim go bhfuil an Teachta McHugh i láthair freisin agus is dócha gur luaigh mé a ainm níos luaithe. Dúradh liom ansin go mb'fhéidir go mbeadh sé in ann aistriúchán a dhéanamh ar chanúintí daoine atá os ár gcomhair mar is as Tír Chonaill do roinnt de na finnéithe, nach ea?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.