Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Glacaim leis sin. Tuigeann daoine go bhfuil sé seo i gcónaí ag athrú agus go mbeidh sé ag athrú, agus níl fadhb ag aon duine leis sin. Tá mise i mo chónaí i gcathair Baile Átha Cliath. Tá bloc árasán tógtha in aice liom a bheidh ag oscailt an tseachtain seo chugainn, agus beidh 100 seoladh nua ann. Tuigim é sin ach tá roinnt den stuif seo ann le 100 bliain anuas agus níor athraigh an seoladh. Má lorgaítear teach mo dhearthár sa Mhuiríoch ar an Eircode, níl sé ann. Níl Ard Aoibheann ná an Charraig ann. Is Bóthar na Carraige atá sa Mhuiríoch. Níl siad ann. Tá rudaí mar sin ag tarlú nuair a théitear ag lorg seoltaí. Tá a fhios agam cá bhfuil a theach. Ní gá domsa ach tiomáint ach má deirim le duine an seoladh a lorg, níl sé ann. B’fhéidir go bhfuil Eircode ann ach má lorgaím de réir ainm é seachas de réir cóid, ní thagann sé aníos. Bímse ag léim isteach agus amach as an Eircode finder. Má tharlaíonn sé sin domsa, cé mhéad duine eile lena dtarlaíonn sé, i nGaeilge nó i mBéarla?

Ba chóir go mbeimis in ann gach uile sheoladh i gceantar Gaeltachta a chur isteach i nGaeilge agus go dtiocfadh sé aníos láithreach. Má chuirimid isteach i mBéarla é, níor chóir go mbeadh sé ag teacht aníos. Ba chóir go n-aistreodh an córas ríomhaireachta go dtí an Ghaeilge ionas go n-aithneodh daoine é. Níor chóir go mbeadh aon áit ann nach bhfuil teacht air, de réir an chórais. Is féidir liom samplaí a chur ar aghaidh chuig na finnéithe.

Cé mhéad duine atá ag obair díreach ar an gcuid sin ó thaobh na Gaeilge de? An bhfuil aon duine ar leith ag obair air san eagras? Cé mhéad duine atá ag déileáil le seoltaí Gaeilge agus Gaeltachta in GeoDirectory? Ní bheadh tuiscint ar bith ag Béarlóir air sin. An bhfuil daoine áirithe atá ag déanamh an inputting a bhfuil Gaeilge agus an tuiscint acu?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.