Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tagaim ó Pháirc Pheambróg i mBaile Átha Cliath 4. Ní dóigh liom gur úsáid mé an seoladh sin i mBéarla riamh ó bhí mé i mo ghasúr. Táim ag caint faoin bhfigiúr nationally. Tá Gaeilgeoirí gach uile áit sa tír. Cuireann sé ionadh orm go bhfuil an figiúr chomh híseal sin.

Tá stair fhada ag an gceist seo. Nuair a bhí na Sasanaigh anseo, ní raibh na húdaráis phoist a bhí ann ag an am sásta glacadh le seoltaí i nGaeilge. Is éard a tharla ná gur eagraíodh agóid in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath. Bhí mo sheanmháthair féin ar an agóid sin. Bhíodh sí ag déanamh gaisce as. Is éard a rinneadh ná gur scríobh daoine na seoltaí sa nGaeilge, chuaigh siad suas ag an gcuntar agus bhí argóint acu leis an duine taobh thiar den chuntar nach raibh sásta glacadh leis an seoladh. Ansin, nuair a bhí deireadh leis an argóint, d'imigh siad agus chuaigh siad isteach i gciú eile. Bhí an oiread tranglaim ann ag an am gur géilleadh go gcaithfí glacadh le seoltaí i nGaeilge áit ar bith sa tír. Is i mBaile Átha Cliath a tharla sé sin, ní thiar sa nGaeltacht. Is é sin an cúlra a bhaineann leis an scéal seo, mar eolas.

Ghlac mise leis agus mé ag fás aníos go raibh leagan Gaeilge de chuile sheoladh sa tír. Chomh maith leis sin, siar sna 1950idí, bunaíodh an Coimisiún Logainmneacha le déanamh cinnte go raibh leaganacha údarásacha Gaeilge ann. Ansin bunaíodh an Brainse Logainmneacha.

Tháinig sé sin isteach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán nuair a bhí mise mar Aire agus tá sé ann ó shin, ach tá sé sa Roinn nua, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá an dualgas ar an mbrainse leaganacha údarásacha de logainmneacha na tíre ar fad a chur ar fáil. Tá obair ollmhór agus taighde iontach déanta ann. Cén plé a mbíonn ag na finnéithe leis an mBrainse Logainmneacha, atá ina údar ar bhailte fearainn agus ar shráideanna, de réir mar a thuigim é, chun a chinntiú go bhfuil leaganacha údarásacha ar fáil? B’fhéidir go bhfuil gá ann go gcuirfí go mór leis an Roinn le go mbeadh an brainse ar an gcumas leagan údarásach a chur ar fáil don 30% eile. Cuireann sé iontas an tsaoil orm nach bhfuil leaganacha údarásacha ag 30%.

B’fhéidir go bhféadfadh na finnéithe an dara rud seo a mhíniú dom. Tá go leor leaganacha Béarla de logainmneacha. Tá cleachtais éagsúla ann, mar shampla, in áit in aice liom. Tá an litriú “Leenane” ann, mar a deir muintir na háite, ach bheadh an litriú “Leenaun” i bhfad níos gaire don rud a scríobh an Ordnance Survey an chéad uair. Scríobhtar “Maam” go háitiúil ach má bhreathnaítear ar seanfhoinsí, is “Maum” atá ann. “Clonbur” a thugann muintir air, ach is “Cloonbur” – arís, a bheadh níos gaire don bhun rud – atá ann go hoifigiúil. Glacaim leis go bhfuil an fhadhb seo sna leaganacha Béarla. Is maith an rud é déileáil go cothrom leis an nGaeilge agus leis an mBéarla. Cén chaoi a leagann na finnéithe amach cén leagan Béarla de logainmneacha a úsáidtear? An é an ceann is coitianta i measc an phobail é nó an é an ceann a d’úsáid an Ordnance Survey breis agus 100 bliain ó shin? Bheadh sé spéisiúil é seo a fháil amach mar tá cuid den fhadhb chéanna ann maidir le logainmneacha Gaeilge sa mhéid is go bhfuil leagan áitiúil á úsáid agus leagan oifigiúil ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.